Oifigeach Taighde agus Polasaí le CFG

Comhairle Contae Dhún na nGall

Ba mhaith linn duine a earcú don phost seo a leanas: -
- Oifigeach Taighde agus Polasaí le CFG

Bronnadh maoiniú ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Páirtnéirí Tionscadail i gComhairle Ceantair Mhachaire Fíolta, Comhairle Buirge Léim an Mhadaidh, Comhairle Cathrach Dhoire, agus Comhairle Ceantair an tSratha Báin, faoi Théama Comhoibrithe na Seirbhíse Poiblí de Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Clár INTERREG IVA, leis an Tionscadal Iarthuaisceartach SPÁSúil (Pleanáil Spásúil agus Malartú Comhoibritheach Eolais agus Léinn i Réigiún an Iarthuaiscirt). Tá sé d'aidhm ag an tionscadal seo athruithe i bpatrúin daonra a rianú i lonnaíochtaí éagsúla i Réigiún Trasteorann an Iarthuaiscirt, i rith na tréimhse 2000 - 2010, d'fhonn na buntosca atá ag tiomáint na n-athruithe seo a aithint, agus eolas inchomparáide a ghabháil a chuideoidh le pleanáil spásúil fianaise-bhunaithe, déanamh polasaí agus seachadadh seirbhíse sna blianta amach romhainn.

Is mian le Comhairle Contae Dhún na nGall anois, mar Phríomh-Pháirtnéir, Oifigeach Taighde agus Polasaí le CFG a cheapadh chun cuidiú le gnéithe iomlána an tionscadail seo a chomhordú.

Tuarastal:
Beidh an Post mar Oifigeach Taighde agus Polasaí le CFG ar comhchineál le Pointe 1 den Ghrád V (Oifigeach Foirne) €40,213 i dtaca le pá agus gnéithe ábhartha eile. Is féidir an ráta pá a athrú ó am go chéile de réir pholasaí pá an Rialtais.

Amchlár:
Tairgfear Conradh Sainchuspóra don iarratasóir rathúil ar an bhonn go bhfuiltear ag súil go leanfaidh an conradh go dtí 5 Meán Fómhair 2013.

Is féidir go ndéanfaí iarratasóirí a ghearrliostáil fá choinne agallaimh de réir an eolais a chuirtear ar fáil ar a bhfoirm iarratais, nó in éineacht léi, maidir le cáilíochtaí, oiliúint déanta agus taithí ábhartha agus luachmhar. 

Is féidir sonraí faoi na poist, ar a n-áirítear sonraíochtaí poist agus foirmeacha iarratais trí ríomhphost a chur chuig vacancies@donegalcoco.ie nó trí dhul chuig www.donegalcoco.ie 

Dáta deireanach ar a nglacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe:
4.00in Dé hAoine 9 Nollaig 2011

Is Fostóir Comhdheiseanna é Comhairle Contae Dhún na nGall.

Is é Foras Chláir Speisialta an AE an tÚdarás Bainistíochta do Chlár PEACE III Aontas na hEorpa.