Agus í ag feidhmiú mar Údarás Áitiúil do Chontae Dhún na nGall (seachas na ceantracha atá faoi chúram na gceithre Chomhairle Baile), cuireann Comhairle Chontae Dhún na nGall réimse leathan seirbhísí ar fáil sa chontae; mar shampla, Rialú Pleanála, Tithíocht Shóisialta, Rialú Truaillithe, Seirbhísí Dóiteáin, Seirbhísí Leabharlainne agus Seirbhísí Sláintíochta.
Le roinnt blianta anuas, tá iarracht déanta ag an Chomhairle seirbhísí a thabhairt níos cóngaraí do na pobail áitiúla trí Ionaid Seirbhísí Pobail a oscailt ar an Chlochán Liath, Baile na nGallóglach, Carn Domhnach, Leitir Ceanainn agus Baile na nGallóglach. Cuirtear an chuid is mó de sheirbhísí na Comhairle ar fáil tríd na hoifigí seo, rud a chuireann go mór le caighdeán agus le háisiúlacht na seirbhísí sin dár gcustaiméirí.
Tá an Chomhairle gníomhach i gcur chun cinn an Chontae. I gcomhar le Bord Forbartha Contae Dhún na nGall, cuidíonn an Chomhairle le leas eacnamaíochta Chontae Dhún na nGall a neartú agus, nuair is féidir, a chothú, le háit níos fearr a dhéanamh den Chontae le cónaí a dhéanamh ann, le bheith ag obair ann, le hinfheistíocht a dhéanamh ann agus le do scíth a ligean ann.
Tá 29 ball tofa ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Toghtar na baill faoi ionadaíocht chionmhar go ceann tréimhse cúig bliana. Is ó bhaill na Comhairle a thoghtar Méara an Chontae ag Cruinniú Cinn Bhliana na Comhairle.
Is é a thugtar ar an réimse leathan feidhmeanna a dhéanann na baill thofa ná “Feidhmeanna Forchoimeádta”. Baineann siad seo, den chuid is mó, le cumhachtaí déanta polasaí na Comhairle ina bhfuil na gnéithe seo a leanas san áireamh:
- An Buiséad Bliantúil a cheadú
- An Plean Forbartha a dhéanamh nó a leasú
- Scéim tosaíochta fá choinne Tithe Údaráis Áitiúil a ligean
- Fo-dhlithe a dhéanamh, a leasú agus a aistarraingt
- cead a thabhairt fá choinne iasachtaí
Is trí “Rúin” a rith ag cruinnithe foirmeálta a dhéanann an Chomhairle a cuid cinntí.
Bíonn ról oibríochta Chomhairle Chontae Dhún na nGall faoi chúram an Bhainisteora Chontae agus a chuid ball foirne atá freagrach as obair laethúil na Comhairle. Is é a thugtar ar na feidhmeanna atá ag an Bhainisteoir Contae ná “Feidhmeanna Feidhmiúcháin”, agus iad seo a leanas san áireamh:
- tithe a ligean
- cinntí a dhéanamh maidir le hiarratais phleanála
- foireann a riar
- feidhmeanna rialacháin agus rialaithe an Údaráis
- cur i bhfeidhm ginearálta polasaithe de chuid na Comhairle
Déanann an Bainisteoir Contae cinntí a thagann leis an pholasaí atá socraithe ag na baill thofa.
Mar chuid den chlár náisiúnta de Leasú an Rialtais Áitiúil bunaíodh roinnt tograí le cur leis an daonlathas go háitiúil agus le páirteachas i Rialtas Áitiúil a leathnú, ina measc: