Coistí Toghcheantair

Déantar comhaltaí Chomhairle Contae Dhún na nGall a thoghadh le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann sé thoghcheantar i gContae Dhún na nGall, mar a leanas:

Ceann de na príomhghnéithe i gclár Dílárnaithe agus Atheagrúcháin Chomhairle Contae Dhún na nGall ná tarmligean údarás cinnteoireachta chuig na Meithleacha Bainistíochta Ceantair i ngach ceann de na sé toghcheantar.

Déantar seirbhísí Chomhairle Contae Dhún na nGall a sheachadadh ar bhunús toghcheantair agus tá meitheal bainistíochta ceantair ann do gach toghcheantar. Bíonn cruinnithe ag Coiste Toghcheantair gach dara mí le plé a dhéanamh ar shaincheisteanna oibriúcháin áitiúla go háirithe.

Chun sonraí fá na Meithleacha Bainistíochta Ceantair, Comhaltaí Tofa agus Miontuairiscí de chruinnithe toghcheantair a fháil, níl le déanamh agat ach an ceantar cuí a roghnú ón liosta thuas.