Cuireann na Coistí um Pholasaí Straitéiseach (CPS) deis ar fáil do na comhaltaí tofa ionchur níos luaithe agus níos grinne a bheith acu i bpróiseas forbartha polasaí na Comhairle i gcomhpháirtíocht le páirtithe sainleasa ó earnálacha agus ó eagraíochtaí forbartha agus pobail éagsúla.
Tá cúig CPS bunaithe ag Comhairle Chontae Dhún na nGall chun plé le feidhmeanna príomha na Comhairle:
- Tithíocht
- Bóithre agus Iompar
- Pleanáil agus Forbairt Gheilleagrach
- Uisce, Timpeallacht agus Éigeandáil
- Pobal, Cultúr agus Corparáideach
Caithfidh gach comhalta tofa a bheith ina b(h)all de CPS amháin, ar a laghad. Tá dhá thrian de bhallraíocht CPS ina gcomhaltaí tofa (Comhairle Contae nó Comhairle Baile) agus tá an trian eile déanta suas d’ionadaithe ‘sainleasa earnála’ – ar a n-áirítear sainleas pobail, gnó, ceardchumainn, talmhaíochta, forbartha agus timpeallachta.
Tugann CPS deis do na comhaltaí (tofa agus earnála) ról níos mó a fhorbairt i ndul chun cinn straitéiseach na Comhairle; mar sin féin, is ag an Chomhairle tofa uile atá an chumhacht an cinneadh deiridh a dhéanamh.
An Grúpa um Pholasaí Corparáideach
Is iad na cathaoirligh atá ar gach CPS maraon le Cathaoirleach an Chomhairle Contae atá sa Ghrúpa um Pholasaí Corparáideach (GPC). Bíonn an Bainisteoir Contae rannpháirteach fosta agus cabhraíonn sé le cuid oibre an CPS.
Is ról straitéiseach atá ag an GPC. Tá sé beartaithe cuid oibre gach uile CPS a nascadh agus a chomhordú agus fóram a chur ar fáil ina mbeifear in inmhe seasamh polasaí a bhaineann leis an Chomhairle uile a phlé agus a chomhaontú agus a chur faoi bhráid na Comhairle ina hiomláine. Tugann an GPC fócas níos grinne ar fáil maidir le ról polasaí na gcomhairleoirí agus feabhsaíonn sé an forbhreathnú daonlathach ar ghnóthaí na Comhairle. Caithfidh an Bainisteoir dul i gcomhairle leis an GPC le linn do a bheith ag ullmhú an Plean Corparáideach agus dréachtbhuiséad an Údaráis Áitiúil araon. Déanann a chuid baill ionadaíocht don Chomhairle Tofa ar Bhord Forbartha an Chontae.