Saoráil Faisnéise

Bronnann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (ASF) mar a leasaíodh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 na cearta reachtúla seo a leanas:

ceart dlíthiúil ag gach duine eolas atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus ranna rialtais a rochtain

  • ceart dlíthiúil ag gach duine eolas oifigiúil fá dtaobh dó/di féin a leasú nuair atá an t-eolas sin easnamhach, mícheart nó míthreorach
  • ceart dlíthiúil cúiseanna a fháil maidir le cinntí a bhaineann leis/léi féin.

Tugann an tAcht ceart rochtana (faoi réir eisceachtaí) ar:

  • gach taifead a cruthaíodh i ndiaidh don Acht seo teacht i bhfeidhm i. 21 Deireadh Fómhair 1998
  • aon taifead roimh an dáta sin má tá sé de dhíth leis na taifid a cruthaíodh i ndiaidh don Acht teacht i bhfeidhm a thuigbheáil
  • taifid phearsanta is cuma cén uair a cruthaíodh iad
  • i gcás ball foirne, taifid phearsanra a cruthaíodh ó dháta 3 bliana sular tháinig an tAcht i bhfeidhm
  • cúiseanna maidir le cinntí a rinne Comhairle Chontae Dhún na nGall agus a bhain duit féin go díreach
  • féachaint le heolas pearsanta fá dtaobh duit féin, atá i seilbh Chomhairle Chontae Dhún na nGall, a cheartú nuair a bhíonn sé míchruinn, easnamhach, nó míthreorach.

Cad é mar a iarraim eolas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?

Ba chóir an t-iarratas a dhéanamh i scríbhinn (glacfar le hiarratas trí facs nó ríomhphost chuig an uimhir/seoladh thuas) agus ba chóir a chur in iúl gur faoin Acht um Shaoráil Faisnéise atá an t-iarratas a dhéanamh. Le cuidiú leat iarratas ar dhéanamh tá Foirm Iarratais ar Shaoráil Faisnéise ar fáil anseo.

Tá tú i dteideal cur isteach ar eolas, nach bhfuil ar fáil go poiblí ar dhóigh eile, a rochtain.

Más mian leat an t-eolas a fháil i bhformáid áirithe ba chóir duit sin a chur in iúl i d’iarratas. Tabhair an oiread sonraí agus is féidir le cur ar ár gcumas na taifid atá uait a aithint.

Má théann sé crua ort na taifid go díreach atá uait a aithint, beidh muid sásta cuidiú leat le d’iarratas a ullmhú.

Ba chóir iarratais ar eolas faoin Acht seo a sheoladh chuig:

Anne Marie Conlon
Oifigeach um Shaoráil Faisnéise
Comhairle Chontae Dhún na nGall
Áras an Chontae
Leifear
Co. Dhún na nGall

Guthán: 074 91 72222 Facs: 074 91 42071
Ríomhphost amconlon@donegalcoco.ie  

Caithfimid admháil a chur chugat faoi d’iarratas taobh istigh de choicís.

Caithfimid cinneadh a dhéanamh ar d’iarratas taobh istigh de cheithre seachtaine ón lá a fuair muid é ach amháin má bhaineann an t-iarratas leis an oiread sin taifead nach mbeadh sé réasúnta é a dhéanamh taobh istigh den tréimhse ama sin, agus sa chás sin if féidir go dtabharfaí síneadh ama ceithre seachtaine breise. Caithfear eolas a chur chugat faoin tréimhse bhreise atá de dhíth agus na cúiseanna.

An bhfuil sé de cheart agam achomharc a dhéanamh faoin chéad chinneadh a dhéantar maidir le m’iarratas?

Leagann an tAcht um Shaoráil Faisnéise amach na gnásanna achomhairc sa chás go ndiúltaítear iarratas, nó maidir le rochtain a chur ar athlá, táillí, cineál rochtana srl.. Seo a leanas sonraí faoi na gnásanna achomhairc seo:

Athbhreithniú Inmheánach:

Thig leat athbhreithniú inmheánach den chéad chinneadh a lorg, agus is oifigeach ag leibhéal níos sinsearaí a dhéanfaidh seo má:

  • tá tú míshásta leis an chéad fhreagra a fuarthas i. diúltú eolais, cineál rochtana, táillí srl., nó
  • mura bhfuair tú freagra taobh istigh de cheithre seachtaine ón chéad iarratas a rinne tú. Pléitear leis seo mar a phléitear le diúltú agus tugann sé cead duit dul ar aghaidh chuig Athbhreithniú Inmheánach.

Ba chóir iarratais ar Athbhreithniú Inmheánach a chur isteach taobh istigh de cheithre seachtaine ón chéad chinneadh i scríbhinn chuig:

Anne Marie Conlon
Oifigeach um Shaoráil Faisnéise
Comhairle Chontae Dhún na nGall
Áras an Chontae
Leifear
Co. Dhún na nGall
Guthán: 074 91 72222 Facs: 074 91 42071
Ríomhphost amconlon@donegalcoco.ie

Caithfidh Comhairle Chontae Dhún na nGall an t-athbhreithniú a dhéanamh taobh istigh de thrí seachtaine.

Go hiondúil caithfear athbhreithniú inmheánach a chríochnú sula ndéantar aon achomharc chuig an Choimisinéir Faisnéise.

Athbhreithniú an Choimisinéara Faisnéise:

Thig leat athbhreithniú neamhspleách a lorg ón Choimisinéir Faisnéise má:

  • tá tú míshásta leis an chinneadh, i ndiaidh an athbhreithnithe inmheánaigh; nó,
  • mura bhfuil freagra faighte agat ar d’iarratas ar athbhreithniú Inmheánach taobh istigh de thrí seachtaine ó d’iarratas. Pléitear leis seo mar a phléitear le diúltú agus thig leat achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir.

Is féidir achomhairc i scríbhinn a dhéanamh go díreach leis an Choimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
18, Sráid Chill Mochargán Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: 01 6785222
Facs: 01 6610570

Ríomhphost ombudsman@ombudsman.irlgov.ie 

An bhfuil táille i gceist le hiarratas a dhéanamh?

Tá. Tugadh isteach táillí maidir le hiarratais ar Shaoráil Faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003.
Tháinig na táillí i bhfeidhm ar an 7 Iúil 2003. Beidh táille laghdaithe i gceist i gcás duine a bhfuil cárta leighis aige/aici nó duine atá spleách ar dhuine a bhfuil cárta leighis aige/aici.

Cineál Achainí/Iarratais  

Gnáth-Tháille*

Táille Laghdaithe* & ** 
Iarratas ar thaifead faoi Alt 7

Céad Iarratas

Achomharc Inmheánach

Achomharc leis an Choimisinéir Faisnéise

€15

€75

€150

€10

€25

€50
Iarratas ar eolas pearsanta faoi Alt 7 Saor in aisce Saor in aisce
Iarratas faoi Alt 17 le taifead, ar a bhfuil eolas mícheart, easnamhach nó míthreorach, a leasú Saor in aisce  Saor in aisce
Iarratas faoi Alt 18 ar na cúiseanna atá le cinneadh a bhaineann don duine aonair  Saor in aisce
Saor in aisce

 
* Ní ghearrfar táille nuair a dhéanann duine achomharc i gcoinne cinnidh le táille nó éarlais a ghearradh, nó i gcoinne méid na táille nó na héarlaise faoi alt 47 den Acht um Shaoráil Faisnéise

** Gearrfar táille laghdaithe maidir le tríú páirtithe a dhéanann achomharc i gcoinne cinneadh comhlachta poiblí eolas fá dtaobh dóibh a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.

Tabhair faoi deara nach gcuirfear tús le hiarratas ar eolas neamhphearsanta a phróiseáil go dtí go bhfaighfear an táille thosaigh.

An bhfuil costas i gceist maidir leis an am a chaitear ar thaifid a aimsiú, agus ar fhótachóipeanna?

Tá, is féidir go mbeidh costas i gceist maidir leis an am a chaitear chun taifid a aimsiú agus maidir le haon chostas ar fhótachóipeanna leis an ábhar a d’iarr tú orthu a chur ar fáil, mar seo a leanas:

  • maidir le taifid phearsanta, ní bheidh costas i gceist seachas an costas a bhaineann leis na taifid a chóipeáil
  • maidir le heolas (neamhphearsanta) eile, is féidir go ngearrfar táille de réir na n-uaireanta a chaifear chun na taifid a aimsiú agus a chóipeáil go héifeachtach, bunaithe ar ráta caighdeánach in aghaidh na huaire, de réir mar a ordóidh an tAire Airgeadais.
  • ní bheidh táille ar bith i gceist maidir leis an am a chaitheann an t-údarás áitiúil ar d’iarratas a mheas
  • Is féidir go mbeidh éarlais le híoc agat agus sna cásanna seo thig leat cuidiú a iarraidh ón fhoireann s’againne d’achainí a leasú le méid na héarlaise a laghdú nó a chealú.

Táillí a Airleacadh
D’fhéadfaí táillí a airleacadh sna cúinsí seo a leanas:

  • sa chás go gcosnódh bailiú agus cuntasú na táille níos mó ná an méid atá le híoc; nó,
  • sa chás go mbeadh an t-eolas ina chuidiú ar leith maidir le tuiscint a fháil ar cheist a bhfuil tábhacht náisiúnta bainte léi; nó,
  • i gcás eolais phearsanta, nuair nach mbeadh sé réasúnta táillí den chineál seo a ghearradh, ag féachaint d’acmhainn an iarratasóir.