Réamhrá

Tugann an Plean Forbartha Náisiúnta tús áite do sholáthar bonneagair leathanbhanda ar fud na tíre. Tá páirtmhaoiniú don chlár oibre á chur ar fáil ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa i réigiún na Teorann/Lártíre agus Iarthair, Dún na nGall ina measc. 

Tá aonaithe ag an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus Comhairle Chontae Dhún na nGall maoiniú de bhreis agus €11,000,000 a chur ar fáil le Líonraí Achar Cathrach (LACanna) a thógáil sna bailte seo a leanas:

 - Baile Dhún na nGall 
 - Bealach Féich / Srath an Urláir 
 - Béal Átha Seanaidh 
 - Bun Cranncha 
 - Bun Dobhráin 
 - Carn Domhnach

  

Tógadh LACanna An Bhuna Bhig agus Leitir Ceanainn i gCéim 1 i 2003 agus tá siad á mbainistiú ag E-Net ar son Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus na Roinne Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

Is atá sna Líonraí Achar Cathrach ná cábla snáthoptaice agus duchtú faoin talamh tríd na mórshráideanna in achan bhaile, chomh maith le háis comhlogaíochta a thógáil ina bhféadfaí trealaimh theileachumarsáide a choinneáil do sholáthraithe seirbhísí teileachumarsáide leathanbhanda. Mar thoradh ar an tionscadal, cuirfear isteach breis agus 60 ciliméadar de líonra ar fud an chontae.

Creideann Comhairle Chontae Dhún na nGall go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis na líonraí seo don chontae. Nuair a bheas siad críochnaithe, cuirfidh siad ar fáil córas snáthoptaice den chéad scoth faoi úinéireacht an stáit, a thig le soláthraithe seirbhíse príobháideacha a úsáid leis an leathanbhanda agus seirbhísí ardteicneolaíochta a sheachadadh chuig áitritheoirí, gnólachtaí agus comhlachtaí poiblí sna bailte agus sna ceantracha máguaird.

Tá cruthaithe go spreagann soláthar níos fearr seirbhísí teicneolaíochta eolais agus cumarsáide, go spreagann sé fás eacnamaíochta trí bheith ag cuidiú le gnólachtaí atá ann cheana féin cur lena dtáirgiúlacht agus lena ndeiseanna chun infheistíocht sheachtrach a mhealladh. Tiocfaidh cuid mhór buntáistí eile as an teicneolaíocht seo, ina measc buntáistí oideachais, leighis agus fóillíochta do mhuintir an chontae.

 

Stádas an Tionscadail

The design works for the project was carried out by Donegal County Council and its Project Manager Mc Mahon Design and Management during the first four months of 2006. . Following approval by the Department of Communications, Marine and Natural Resources in July 2006 the project was awarded to the Clarke Group of Lisnaskea, Co. Fermanagh. The construction works commenced on site August 2006 and were completed in 2007. The next phase for the project is the appointment by the Department of Communications, Marine and Natural Resources of a Management Sevices Entity (M.S.E.) to administer and promote the networks not only in Doenagl but elsewhere throughout the country. This is anticipated to be complete late 2007 early 2008.

 

Nascanna

Ba chóir aon cheist eile a sheoladh chuig regionalbroadband@donegalcoco.ie