Fáiltíonn Comhairle Contae Dhún na nGall roimh an fhógra faoi Thionscadal Kelvin


Fáiltíonn Comhairle Contae Dhún na nGall roimh an fhógra ón Aire Cumarsáide Éamonn Ryan maidir le conradh €30m le nasc díreach úr teileachumarsáide a thógáil go Meiriceá Thuaidh.

Is é atá i dTionscadal Kelvin ná tionscnamh trasteorann idir An Roinn Cumarsáide, Mara & agus Acmhainní Nádúrtha, agus Roinn Fiontraíochta, Trádála agus Infheistíochta Thuaisceart Éireann. Tá comh-mhaoiniú á dhéanamh ar an tionscadal ag Interreg ón Aontas Eorpach.

Is é a bheas i gceist sa tionscadal ná cábla teileachumarsáide snáthoptaice fo-thoinn a thógáil agus a thiocfaidh i dtír i gContae Dhoire.
Cinnteoidh naisc bhreise go mbeidh ceangal díreach idirnáisiúnta ag Leitir Ceanainn chomh maith le bailte móra i dTuaisceart Éireann agus sna contaetha ar an teorainn. Déanfar cumarsáidí idir Éirinn agus Meiriceá Thuaidh a threorú go díreach gan iachall a bheith orainn gréasáin sheachtracha a úsáid m.s., fríd Londain.

I measc na mbuntáistí a bheas ann, beidh agaí freagartha níos gasta ar chostas níos ísle ar leathanbhanda ardtoillte. Déanfar praghasanna ceangail, chomh maith le cáilíocht seirbhíse, a thagarmharcáil i gcoinne mol telecom idirnáisiúnta eile, ar nós Amstardam agus Londain.

Nascfar an ceangal trasatlantach go díreach le Líonra Achar Cathrach na Comhairle i Leitir Ceanainn agus b'fhéidir le gach gréasán eile de chuid na Comhairle sa Chontae le himeacht ama.

Agus é ag caint faoin fhógra, dúirt Ceannasaí Chóras Faisnéise na Comhairle, Brian Ó Baoill "Is infheistíocht an-suntasach í seo do Dhún na nGall agus neartóidh sé go mór an bonneagar teileachumarsáide sa chontae. Is ar Dhún na nGall a bheas an chéad nasc díreach teileachumarsáide le SAM ag freastal. Beidh an ceangal seo ina bhuntáiste mór do na Gníomhaireachtaí Forbartha ina gcuid iarrachtaí le infheistíocht isteach a mhealladh isteach sa Chontae go háirithe i réimsí forbartha bogearraí chomh maith le hoibríochtaí láraonad glaonna & sonraíochta”.


Táthar ag dréim go mbeidh an nasc ag oibriú faoi Mhárta 2010.