Tionchar na Coimhlinte ar Cheantar Leifir / an tSratha Báin – Tionscadal Taighde

Tá Holywell Consultancy ceaptha ag Comhairle Contae Dhún na nGall (Pleanáil agus Forbairt Eacnamaíochta), i gcomhpháirt le Comhairle Ceantair an tSratha Báin, le próiseas rannpháirtíochta a eáscú chun tionchar na Coimhlinte ar cheantar an tSratha Báin/Leifir a mheas. Beidh réimse teicnící rannpháirtíochta i gceist sa phróiseas seo - grúpaí fócais, agallaimh, scagadh taighde agus an ceistneoir.

Cuirfear tuairisc i dtoll a chéile mar thoradh ar an phlé díreach seo leis an phobal áitiúil, agus eilimintí eile taighde, tuairisc a úsáidfidh Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Comhairle Ceantair an tSratha Báin, le acmhainní riachtanacha a mhealladh chuig an cheantar áitiúil.

Is maith is eol do Holywell Consultancy go raibh tionchar éigin ag an Choimhlint orainn uilig, ag léibhéil éagsúla, le daichead bliain anuas.. Is é atá i gceist sa phróiseas seo ná a oibriú amach cad é an tionchar a bhí ag an Choimhlint ar cheantair an tSratha Báin agus Leifir agus deiseanna a aithint chun an saol sóisialta, eacnamúil agus fisiceach a athnuachan, ar dhóigh a chuireann leis an athmhuintearas trasteorann agus trasphobail. Tá an tionscadal taighde ag fáil tacaíochta ón chlár SÍOCHÁIN III, atá á bhainistiú ar son an Fhorais um Chláracha Speisialta de chuid an AE ag Comhpháirtíocht Síochána agus Athmhuintearais BFC Dhún na nGall.

Éinne a bhfuil suim aige nó aici ann, is féidir guth a bheith acu ar dhóigheanna éagsúla. Is é an dóigh is fusa ná an ceistneoir ar líne a líonadh isteach, agus atá ar fáil ar shuímh idirlín na dá Comhairle (www.donegalcoco.ie) agus (www.strabanedc.com) agus ar Holywell Consultancy ag http://www.holywellconsultancy.com/HolywellConsultancy/surveys.html 

Lena chois sin, reáchtálfar roinnt cruinnithe fócais sna seachtainí amach romhainn, agus beidh siad oscailte do gach duine ar suim leis nó léi a bheith i láthair. Beidh deis ag daoine a gcuid eispéireas agus tuairimí a roinnt le foireann Holywell Consultancy. Beidh na cruinnithe ar siúl mar seo a leanas:

Ionad: Ionad Acmhainne Bhaile Suingean, Baile Suingean
Dáta: Dé Luain 23 Samhain 2009
Am: 2in – 4in

Ionad: An Baile Nua 2000, An Baile Nua
Dáta: Dé Luain 23 Samhain 2009
Am: 7in – 9in

Ionad: Leabharlann an tSratha Báin (Amharclann na Caolsráide, An Srath Bán
Dáta: Dé Céadaoin 25 Samhain 2009
Am: 2in – 4in

Ionad: Ionad Acmhainne Leifir Chluain Lao, Leifear
Dáta: Dé Céadaoin 25 Samhain 2009
Am: 7in – 9in

Ionad: Ionad um Mhaireachtáil Fholláin, Caisleán na Deirge
Dáta: Dé Luain 30 Samhain 2009
Am: 2in – 4in

Ionad: Ionad Teaghlaigh Ráth Bhoth, Ráth Bhoth
Dáta: Dé Luain 30 Samhain 2009
Am: 7in – 9in

Ionad: Ionad PI Chaisleán na Finne, Caisleán na Finne
Dáta: Dé Máirt 1 Nollaig, 2009
Am: 2in – 4in

Ionad: Ionad Pobail Chill Fhéich & Coirneál Nixon, Cill Fhéich
Dáta: Déardaoine 3 Nollaig, 2009
Am: 2in – 4in

Ionad: Teach Amity, Dún na Manach
Dáta: Déardaoin 3 Nollaig, 2009
Am: 7in – 9in

Ionad: Ionad Sollus, An Bhréadaigh
Dáta: Dé hAoine 4 Nollaig, 2009
Am: 2in – 4in

Beidh gach eolas a gheofar fríd an phróiseas seo faoi rún agus príobháideach. Sa tuairisc a chuirfear ar fáil, ní chuirfear ainm duine nó ainm grúpa le haon tuairim nó le haon eolas.

Bronnfar duais £100 ar dhuine amháin a fhreagróidh an suirbhé, a roghnófar go randamach, le caitheamh ar an Wellbeing Health & Beauty Spa, Muileann an tSiáin.

Má tá aon cheist nó aon fhiosrúchán agat faoin phróiseas seo, ná bíodh leisce ar bith ort dul i dteagmháil le Holywell Consultancy ar 048 7126 7997, nó trí ríomhphost ag info@holywellconsultancy.com