Seachtain Feasachta Míchumais

 Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Ceantair an tSratha Báin, i gcomhpháirt le Clár Feasachta Pobail an Tionscadail Saoránachta faoi INTERREG IVA an AE, an chéad Seachtain Feasachta Múchumais trasteorann, dar teideal 'Ceiliúradh Saoránachta', a fhógairt.

Seolfar Seachtain Feastachta Míchumais Dé hAoine 25 Samhain i Seomra na Comhairle i Leifear ar 12.00in agus uaidh sin go dtí An Satharn 3 Nollaig beidh 17 n-imeacht ar fad ar siúl a spreagfaidh feasacht i dtaca le ceist an mhíchumais i bpobail áitiúla agus a dhíreoidh aird ar shaoránacht achan duine agus a dhéanfaidh sin a cheiliúradh. Is daoine faoi mhíchumas a bheas páirteach i gcuid mhór de na léirithe agus taispeántais, rud atá ag teacht go mór le bunús agus le béim an téama "Ceiliúradh Saoránachta".

Tá an chuid is mó de na himeachtaí saor in aisce agus tá fáilte roimh gach duine bualadh isteach agus bheith páirteach agus sult a bhaint astu. I measc na bpríomh-imeachtaí a bheas ar siúl beidh Ceol-Seó Mór Drámatúil in Amharclann na Caolsráide, An Srath Bán Dé Sathairn 26 Samhain. Táthar ag súil go mbeidh sé seo ina ócáid shiamsúil, chorraitheach agus spreagúil do theaghlaigh, mar go mbeidh radhairc ann ó roinnt ceolscannán clúiteach, amhráin ó na seachtóidí agus na hamhráin is ansa ceol tíre.

Dé Domhnaigh 27 Samhain, beidh 'Oíche Chór-Cheoil' ar siúl le Cór Pobail na nEalaíon Oscailte, i gcomhpháirt le hAmhránaithe na hEargáile, san Ionad Réigiúnach Cultúrtha i Leitir Ceanainn. Is cór dinimiciúil uileghabhálach as Béal Feirste é Cór Pobail na nEalaíon Oscailte, a bhfuil gradaim bainte acu, agus tá léirithe acu le 11 bhliain anuas go dtig le daoine ó chúlraí cultúrtha éagsúla, iad siúd atá faoi mhíchumas agus iad siúd nach bhfuil, teacht le chéile trí mheán na hamhránaíochta le seónna d'ardcháilíocht a sholáthar i réimsí éagsúla seánraí ceoil. Beidh Amhránaithe na hEargáile ó Dhún na nGall ag ceol ar an oíche fosta.

Déardaoin 1 Nollaig beidh Aonach Sláinte Trasteorann ar siúl in Ionad Maireachtála Folláine Ghleann na Deirge, Caisleán na Deirge, áit a mbeidh eolas agus comhairle ar fáil don lucht freastail ar réimse ceisteanna sláinte. Tá an ócáid seo dírithe go príomha ar dhaoine atá faoi mhíchumas ach tá sé oscailte d'achan duine mar sin féin. Beidh sneaic the shláintiúil ann duit agus cuirfear ainm achan duine isteach i gcrannchur saor in aisce le duais a bhaint ar an lá. Beidh réimse de 'bhlasairí' saora teiripe ar fáil ar an lá chomh maith.

Dé Sathairn 3 Nollaig, beidh Lá Trasteorann um Chumais Spóirt ar siúl i Sólann Ghleanntán na hAbhann ar an tSrath Bán. Tugann an ócáid spreagúil seo deis do dhaoine faoi mhíchumas triail a bhaint as spóirt nár bhain siad triail astu roimhe, b'fhéidir, agus níos tábhachtaí ná sin, lá sultmhar amuigh a bheas ann. Beidh clabhsúr leis an tseachtain Dé Sathairn fosta le hoíche cheiliúrtha, á hóstáil ag PWDI in Ionad Lúthchleasaíochta Ghleanntán na Finne, Srath an Urláir. Tá an ócáid thrasteorann seo oscailte d'achan duine faoi mhíchumas, dá dteaghlaigh agus dá gcairde, chun bualadh isteach agus éachtaí na ndaoine atá faoi mhíchumas i rith 2011 a cheiliúradh.

I rith na seachtaine, beidh taispeántas litearthachta aosaigh ar siúl sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn, agus beidh réimse áiseanna ar fáil le cuid le litearthacht aosaigh i rith na seachtaine fosta. Beidh an leabhrán eolais úr ar fáil i rith na seachtaine fosta ar a mbeidh seirbhísí áitiúla, foilsithe ag Seirbhísí Coirp agus Céadfaí Dhún na nGall, Bóthar an Phiarsaigh, Leitir Ceanainn.

Le tuilleadh eolais a fháil ar na himeachtaí ar fad a bheas ar siúl, buíoch díot ach cuairt a thabhairt ar shuíomh idirlíon Chomhairle Contae Dhún na nGall ag: www.ccdhunnangall.ie, agus ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Dhún na nGall ag www.strabanedc.com  

Tá Seachtain Feastachta Míchumais 2011 á tacú ag Clár INTERREG IVA an Aontais Eorpaigh, arna bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE agus á seachadadh ag Comhoibriú agus Obair le Chéile.

 
Íoslódáil Bileog Imeachtaí