Ba chóir dúinn uilig logainmneacha dúchasacha an chontae a úsáid ar ár gcuid litreacha ar fud an chontae. Le cuidiú leat an leagan ceart a fháil, tá liosta anseo de na ceantracha agus na bailte móra is mó sa chontae. Tá sé i gceist againn cur leis an liosta seo san am atá le teacht. Má tá aon mholadh agat, nó aon logainm a ba mhaith leat a chur ar an liosta, thig leat iad a chur ar aghaidh chuig an Oifigeach Forbartha Gaeilge, Seán Ó Daimhín, ag sdaimhin@donegalcoco.ie