Fáilte go Leathanach na Seirbhísí

Cuireann Comhairle Chontae Dhún na nGall réimse leathan seirbhísí, mar shampla, Rialú Pleanála, Tithíocht Shóisialta, cothabháil agus feabhsú na mBóithre, Rialú Truaillithe, Seirbhísí Dóiteáin, Seirbhísí Leabharlainne agus Seirbhísí Uisce.

Le roinnt blianta anuas, d’oscail an Chomhairle oifigí sna hIonaid Seirbhísí Pobail ar fud an chontae. Chuidigh seo go mór le cuspóir na Comhairle seirbhísí a thabhairt níos cóngaraí dár gcustaiméirí a bhaint amach, agus tá réimse leathan dár gcuid seirbhísí ar fáil ó na hIonaid Seirbhísí Pobail i gCarn Domhnach, Baile Dhún na nGall, An Clochán Liath, Leitir Ceanainn, agus Baile na nGallóglach.

Tá Oifig de chuid Eolas Pobail (CIC) le fáil in achan cheann de na cúig Ionad Seirbhísí Pobail seo. Is é is ciall leis seo ná go dtig leat bualadh isteach in aon cheann de na hIonaid Seirbhísí Pobail agus eolas agus comhairle rúnda neamhspleách a fháil faoi na seirbhísí poiblí atá tú i dteideal a fháil.

Le tuilleadh eolais a fháil ar na seirbhísí a chuireann an Chomhairle ar fáil, thig leat cliceáil ar na naisc ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo.