Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall

Tá Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ina cuid de Rannóg na Seirbhísí Cultúrtha i Stiúrthóireacht Pobail, Cultúir agus Fiontraíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall. Cuireadh tús le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall i mí Iúil 2003 nuair a ceapadh an chéad Oifigeach Oidhreachta i gContae Dhún na nGall. Is comhthionsnamh é Clár an Oifigigh Oidhreachta idir An Chomhairle Oidhreachta agus na Údaráis Áitiúla in Éirinn. Tá sé de rún daingean ag Comhairle Chontae Dhún na nGall “cúrsaí oidhreachta a chur i gcroílár an phobail” i gContae Dhún na nGall mar atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Oidhreachta (2002).