Iasacht Rogha Baile

Cad é an rud é Iasacht Rogha Baile?
Morgáiste is ea Iasacht Rogha Baile a chuirtear ar fáil ag roinnt Údaráis Áitiúla le haghaidh Ceannaitheoirí na Chéad Uaire nach féidir leo airgeadas cuí a fháil ó bhanc nó ó cumann foirgníochta. Is é Comhairle Contae na Gaillimhe an tÚdarás Áitiúil atá sainithe don Iarthuaisceart.

Cuirfear ar fáil leis an Iasacht Rogha Baile suas le 92% de mhargadhluach réadmhaoine a cheannaítear. €285,000 a bheidh mar uasmhéid na hiasachta. Gnáthmhorgáiste a mbíonn Caipiteal agus Ús léi is ea an iasacht, a íoctar ar ais ar bhonn míosúil.

Mairfidh téarma an Mhorgáiste ar feadh uastréimhse de 30 bliain.
Ní bheidh Iasachtaí Rogha Baile ar fáil ach amháin le haghaidh tithe nuathógtha.

Cé a bhíonn i dteideal cur isteach?
Le bheith i dteideal Iasacht Rogha Baile ní mór d’iarratasóirí a bheith:
• ina gceannaitheoirí don chéad uair (is féidir go mbeidh roinnt eisceachtaí ann);
• Breis agus €40,000 a thuilleamh nó €50,000 i gcás comhiarratas;
• a bheith fostaithe go buan ar feadh dhá bhliain; más féinfhostaithe, a bheith in inmhe dhá bhliain de chuntais deimhnithe a chur isteach;
• Cruthúnas a bheith ann gur éirigh leis an iarratasóir morgáiste cuí a fháil ó bhanc nó ó chumann foirngíochta chun teach a cheannach.


Tuilleadh Eolais
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Iasacht Rogha Baile ar www.homechoiceloan.ie nó trí scairt a chur ar LoCall 1890 252842.