Tá Féile an Earagail ar siúl le hocht mbliana déag, ag cur ceol, taispeántais, drámaíocht, imeachtaí do pháistí, agus imeachtaí amuigh faoin spéir, ar fáil i dtuaisceart Dhún na nGall ar feadh coicíse i mí Iúil. I mbliana, tá 90 ócáid ag tárlú, i 35 láthair, i 19 baile ar fud an Chontae ón 10-23 Iúil.
Tá baicle ceoltóirí as Albain ag teacht anall - Eddi Reader, Julie Fowlis agus Na Siógaí Portaigh ( Peatbog Fairies), le cois ceoltóirí clúiteacha mar June Tabor, Joanna MacGregor agus Joyce. Fan in áit amháin fá choinne sraith imeachtaí (Ráth Mealtain, Cúil Dabhcha, Dún Lúiche agus An Fál Carrach), nó taisteal thart fán Chontae ag blaisiú na héagsúlachta.
Tá clár cuimsitheach dearcealaíon ag taiscéaladh téamaí macasamhail “Coimhlint agus Fuascailt”, ag toiseacht le William Orpen, agus ag leathnú amach chuig cupla Gailearaí eile. Oícheanta Léitheoireachta, Laethanta Líníochta, Cóisir sa Pháirc, ceol, ceardlanna cumtha ceoil do pháistí, agus an Bealach Ealaíne LORG – iad seo uilig ag tabhairt seans do dhaoine a bheith páirteach. Tá seónna úra bríomhara mar chaitheamh aimsire duit – sorcas ‘nofitstate’, Smith agus Wymore, Little John Nee, Puipéidí Púca, agus Fibín. Bain sult as an Fhéile!
Bíonn ticéidí na Féile ar fáil ar líne faoi leith - + 353 (0) 74 9120777, nó ón Amharclann An Grianán,, Bóthar an Phoirt, Leitir Ceanainn, nó go háitiúil (féach bróisiúr )