Cé hiad na grúpaí pobail agus deonacha i do cheantar agus i do rannóg?

Tá péire Eolairí curtha le chéile ón ‘Donegal Community Audit’, 2005, i ndáil le Grúpaí Pobail agus Deonacha i nDún na nGall:

San 'Eolaire Grúpaí Pobail agus Deonacha de réir Rannóige'tá sonraí teagmhála na nGrúpai Pobail agus Deonacha de réir 23 rannóg suime sa Chontae, mar a leanas: Mná, Fir, Spórt agus Caitheamh Aimsire, Iar-phríosúnaigh, Cúram Páistí agus Spraoighrúpaí, Cumann Tithíochta agus Cónaithe, Dídeanaithe agus Iarrthóirí Tearmainn, Oidhreacht, An Óige, An Lucht Siúil, Aosaigh, Turasóireacht, Féilte, Timpeallacht, Míchumas, Cultúr, Creideamh, Fiontar, Taisteal Tuaithe, Comhairle Paróiste, Eile.

San the 'Eolaire Grúpaí Pobail agus Deonacha de réir freagracht geografach', tá sonraí teagmhála na nGrúpaí Pobail agus Deonacha leagtha amach de réir a mBaile Fearainn, Toghroinn agus Toghcheantar faoi seach.

Is é cuspóir na dTreoirleabhar seo ná:

  • Eolas úsáideach suas chun dáta faoi Ghrúpaí Pobail agus Deonacha chur ar fáil don phobal.
  • Eolas úsáideach suas chun dáta a chur ar fáil chun teagmháil a dhéanamh leis na Grúpaí Pobail agus Deonacha i ngach Baile Fearainn, Toghroinn agus Toghcheantar.
  • Fáil amach caidé chomh maith is atá freastal a dhéanamh ar riachtanaisí na ndaoine ar bhonn rannógach agus geografach, tré Infreastruchtúr Pobail a chur ar fáil i gContae Dhún na nGall.
  • Méadú ar insroichteacht d’achan duine chuig Infreastruchtúr Pobail agus Deonach i gContae Dhún na nGall.

Tá sé beartaithe go mbeidh an tAonad Taighde agus Polasaí ag cur na dtuairiscí atá iata ar fáil gach ráithe agus go mbeidh fáil orthu ar shuíomh idirlín na Comhairle le léiriú a thabhairt ar an méid imeachtaí pobail atá ag tarlú ar bhonn rannógach agus geografach i gContae Dhún na nGall.

Tá breis eolais le fáil ó Rosita Nic Pháidín nó ó Loretta Nic Niocláis ag Aonad Taighde agus Polasai, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Leifear.

Teileafón: (074) 91 72470 / 72569
e-phost l rmcfadd@donegalcoco.ielmcnicho@donegalcoco.ie