Scéim Dheontas Ardoideachais


Cuireann an Scéim Dheontas Ardoideachais tacaíocht airgid ar fáil do mhic léinn i gcoláistí ceadaithe tríú-leibhéal. Is í Comhairle Chontae Dhún na nGall a riarann Scéim Dheontas Ardoideachais na Roinne Oideachais maidir le cúrsaí fochéimithe agus iarchéimithe. Is é an Coiste Gairmoideachas a riarann an scéim d’Institiúidí Teicneolaíochta agus Ceardcholáistí.

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í agus tá gné chothabhála agus íocaíocht táillí/táillí clárúcháin mhac léinn i gceist i bPoblacht na hÉireann (clúdaítear táillí do chúrsaí iarchéime i dTuaisceart Éireann fosta).
Tá foirmeacha iarratais ar fáil anois dóibh siúd atá ag fágáil na scoile agus ag dul le hoideachas tríú-leibhéal agus do mhic léinn ar mian leo cúrsaí iarchéime a dhéanamh sa bhliain acadúil 2006/2007.

Tá iarratais inaistrithe idir Comhairle Chontae Dhún na nGall agus Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall mar is cuí, ag brath ar an chúrsa tríú-leibhéal a roghnófar sa deireadh. Mar sin de, níl le líonadh ag iarratasóirí ach aon iarratas amháin.

Thig leat foirm iarratais a fháil trí chlúdach a bhfuil seoladh agus stampa air (méid A4 – stampa €1.25) a chur chuig an Rannóg Dheontas Ardoideachais, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Áras an Chontae, Leifear, Contae Dhún na nGall. Beidh foirmeacha ar fáil fosta in achan cheann de na hIonaid Seirbhísí Pobail: - Carn Domhnach (Guthán: 074-9373700, Baile Dhún na nGall (Guthán: 074-9724400, An Clochán Liath (Guthán: 074-9561300, Leitir Ceanainn (Guthán: 074-9194200, Baile na nGallóglach (Guthán: 074-91 53900).

Cuirfidh ionaid de chuid Eolas Pobail (CIC) atá suite in achan cheann de na hIonaid Seirbhísí Pobail, agus i mBéal Átha Seanaidh agus i mBun Cranncha, cuirfidh siad comhairle agus cuidiú ar fáil maidir le líonadh na bhfoirmeacha iarratais. Is iad na huaireanta oscailte atá acu ná Luan/Aoine 9.00rn-4.30in agus An Mháirt/An Déardaoin – 10.00rn-3.00in i mBéal Átha Seanaidh.

Is féidir aon cheist eile a phlé leis an Oifig Dheontas Ardoideachais, Leifear, mar seo a leanas:- Luan – Aoine idir 9.00rn agus 12.30in: 074-9172209 nó 074-9172210 Cruinnithe Pearsanta:- trí choinne amháin – socrú a dhéanamh trí scairt a chur ar na huimhreacha gutháin thuas.

Ríomhphost: dgilmartin@donegalcoco.ie  

Is é Déardaoin, 31 Lúnasa 2006 an dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais.