An dóigh le hiarratas a dhéanamh ar Thithíocht Údaráis Áitiúil

 

 

Ba chóir iarratas ar Cúnamh Tithíochta a chur isteach chuig d’Ionad Seirbhísí Pobail áitiúil.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Thithíocht Údaráis Áitiúil má tá teach de dhíth ort ach nach bhfuil go leor acmhainní agat lena leithéid a chur ar fáil ar do chonlán féin. An uair atáthar ag breithniú d’iarratas, cuirfidh an tÚdarás Áitiúil na nithe seo a leanas san áireamh: méid an teaghlaigh, ioncam an teaghlaigh, an áit chónaithe (más ann di) atá agat faoi láthair, an bhail atá ar an teach sin, agus cúinsí speisialta ar bith eile macasamhail aois, míchumas, tosca sláinte &rl. Déantar tithe a chionroinnt ar dhaoine ar bhunús tosaíochta, na cúinsí go leir san áireamh. Déantar an cíos a chur in oiriúint do do chumas íocaíochta.

Cliceáil anseo faoi choinne Foirm Iarratais

Is féidir tuilleadh eolais a fháil le ríomhphost ó: plough@donegalcoco.ie