Ag Cloí le Rialacháin Tógála

Is ionann na Rialacháin Tógála agus tacar de choinníollacha dhlíthiúla do dhearadh agus tógáil foirgneamh agus méaduithe nua, athruithe ábhartha agus athruithe áirithe ar úsáid foirgneamh, agus fosta a chuireann forálacha ar fáil i gcomhair sláinte, sábháilteacht agus leas daoine, caomhnú breosla agus fuinnimh, agus rochtain do dhaoine le míchumais.

Is ar dhearthóirí, tógálaithe agus úinéirí foirgneamh atá an dualgas cloí leis na rialacháin. Mar Údarás Rialaithe Tógála, tá cumachtaí cigireachta agus forfheidhmithe ag an Chomhairle Contae agus tig leo daoine a ionchúiseamh má sháraíonn siad na Rialacháin. Tá pionóis throma i gceist, ina measc fíneáil agus príosún, má sháraítear na Rialacháin. Lena chois sin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith i gceist le maoin a dhíol má mheasann dlíodóir an cheannaitheoir nár cloíodh le coinníolacha na rialacháin.

Cuireann na Rialacháin um Rialú Tógála leis an chóras bunúsach d’fhorfheidhmiú.
Tá dhá shocrú rialaithe tábhachtach curtha ar fáil:

Is ionann Fógra Tosaithe agus fógra don Údarás Rialaithe Tógála go bhfuil sé beartaithe tús a chur leis an obair agus caithfear é a chur isteach tráth nach mó ná 28 lá agus nach lú ná 14 lá roimh tosú na hoibre.

Is ionann Deimhniú Sábháilteachta Dóiteáin agus teastas ón Údarás Rialaithe Tógála a dheimnhíonn go gcloífeadh an foirgneamh nó na hoibreacha, má tá siad tógtha de réir na bpleananna a cuireadh isteach, go gcloífeadh siad le Páirt B den dara sceideal leis na Rialacháin Tógála, 1997 – 2004. Tá Deimhniú Sábháilteachta Dóiteáin de dhíth ar gach foirgneamh nua, diomaite de thithe cónaithe agus foirgnimh áirithe talmhaíochta.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil le ríomhphost ó: johnny.mcgettigan@donegalcoco.ie