Tá sé mar pholasaí ag an Chomhairle réimse de mhodhanna íocaíochta chomh leathan agus is féidir a chur ar fáil dá cuid custaiméirí. I láthair na huaire, is féidir íocaíochtaí a dhéanamh sna slite seo a leanas:
- Le do Bhailitheoir Rátaí..
- Buanordú Bainc / Dochar Díreach / Aistriú Creidmheasa.
- Asbhaint ó Phá (d’fhostaithe na Comhairle)
- Go pearsanta ag an chuntar airgid in Ionad Seirbhísí Pobail
- Tríd an gnáthchóras poist (ná cuir airgead tirim tríd an phost). Seiceanna
Ba chóir Orduithe Poist &rl. a dhéanamh iníoctha le Comhairle Chontae Dhún na nGall agus iad a chrosáil “Cuntas an Íocaí amháin”
Tuilleadh eolais le fáil ó:
Jane Toland, Teil: 074 91 72587 nó ríomhphost: jtoland@donegalcoco.ie