Tá sé mar pholasaí ag an Chomhairle réimse de mhodhanna íocaíochta chomh leathan agus is féidir a chur ar fáil dá cuid tionóntaí. I láthair na huaire, is féidir íocaíochtaí a dhéanamh sna slite seo a leanas:
- Le do Bhailitheoir Rátaí.
- Scéim Household Budget Scheme (Sonraí ar fáil ó Rannóg na dTithe.)
- Seirbhís BillPay atá ar fáil i ngach uile Oifig Poist agus in ionaid roghnaithye eile (ag úsáid svaidhpchárta a thig leis an Chomhairle a chur ar fáil duit).
- Buanordú Bainc / Dochar Díreach / Aistriú Creidmheasa.
- Asbhaint ó Phá (d’fhostaithe na Comhairle)
- Go pearsanta ag an chuntar airgid in Ionad Seirbhísí Pobail
- Tríd an gnáthchóras poist (ná cuir airgead tirim tríd an phost). Seiceanna,
Ba chóir go mbeadh Orduithe Poist &rl. iníoctha le Comhairle Chontae Dhún na nGall agus crosáilte “Cuntas an Íocaí amháin”
Is féidir tuilleadh eolais a fháil le ríomhphost ó: plough@donegalcoco.ie