Déantar tithe a dháileadh de réir Scéim Tosaíochta na Comhairle Contae do Ligean ar Cíos. Tá sé mar chuspóir ag an scéim seo modh a chur ar fáil inar féidir iarratasóirí ar thithíocht na Comhairle a chur i dtús áite. Tugtar tithe na Comhairle do na hiarratasóirí sin a bhfuil a gcuid riachtanas deimhnithe cheana féin sa Mheasúnacht Tithíochta is déanaí nó má tá glactha leo ag an Chomhairle le bheith curtha san áireamh sa chéad Mheasúnacht Tithíochta eile de réir polasaithe comhaontaithe.
Scéim na bPointí do Thosaíochtaí Ligean ar Cíos
Is féidir tuilleadh eolais a fháil le ríomhphost ó: plough@donegalcoco.ie