An Dóigh le hIarratas a dhéanamh ar Cheangal Séarach

Seicliosta i gcomhair cead a fháil do cheangal séarach:

  • Foirm iarratais comhlánta le bheith curtha ar ais chuig an oifig toghcheantair ábhartha.
  • Má tá táillí forbartha ar bith curtha mar thobhach ag an Roinn Pleanála, caithfear iad a íoc sular féidir d’iarratas ar cheangal séarach a phróiseáil.
  • Tabharfaidh Innealtóir Bóthair an Cheantair a thuairisc i ndáil leis na tosca atá i gceist agus na táillí a bheas iníoctha ar son an cheangail.
  • Cuirfear litir chuig an iarratasóir ina mbeidh cur síos ar chomhaontú na Comhairle i bprionsabal leis an cheangal agus tabharfar sonraí na dtáillí agus na gcoinníollacha a bheas i gceist.
  • Ansin, ba chóir na táillí a íoc le d’oifig ábhartha na Comhairle.
  • An uair atá iomlán na dtáillí íoctha, eiseofar litir cheadúnais faoi réir ag coinníollacha