Soláthar Cóiríochta don Lucht Siúil

Tá Clár Cóiríochta don Lucht Siúil, do na blianta ó 2005 go 2008, curtha le chéile agus glactha ag Comhairle Chontae Dhún na nGall. Táthar ag súil go gcuirfear na cineálacha cóiríochta seo a leanas ar fáil chun freastal ar riachtanais na dteaghlach dúchasach: 

  • Buanláithreáin Stad
  • Tithe SI/Tithe Aonaracha
  • Grúpthithíocht
  • Tithíocht Scéime

Fosta, tá sé ar intinn ag an Chomhairle trí bhuanláithreán, ar a laghad, a chur ar fáil le linn tréimhse an chláir ar mhaithe le freastal ar riachtanais na dteaghlach díomuan atá ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an Chontae ar feadh tréimhsí gairide.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil le ríomhphost ó: plough@donegalcoco.ie