Tá corradh le 600 Grúpscéim do Sholáthar Uisce sa Chontae cheana féin. Freastalaíonn 141 díobh sin ar líon níos mó ná 50 duine i ngach scéim. Thug an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil freagracht ar son na ngrupscéimeanna uisce anonn don údarás áitiúil sa bhliain 1997. Ó shin i leith, déantar iomlán iarratas do scéimeanna úra nó uasghrádú ar scéimeanna bunaithe, agus faoi choinne fóirdheontais i gcomhair costais cothabhála agus oibriúcháin, a phróiseáil i Rannóg na Seirbhísí Uisce, agus cuirtear an maoiniú ar fáil dóibh ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil.
Tá coiste monatóireachta le hamharc i ndiaidh uisce tuaithe curtha ar bun ag Comhairle Chontae Dhún na nGall agus tá Oifigeach Idirchaidrimh ceaptha acu fosta. Is í an dúshlán is mó é atá os coinne na bpáirtithe go léir a bhfuil baint acu le soláthar uisce tuaithe in Éirinn ná a chinntiú go bhfuil caighdeán an uisce ag cloí le Treoir an AE maidir le Caighdeáin Uisce Óil.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach fáil i dteagmháil le: Rannóg na Seirbhísí Uisce, Comhairle Chontae Dún na nGall, Áras an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall.
Comhairle ar Scéim Príobháideach Uisce a Chosaint
Deontais Toibreacha
Is é an cuspóir atá leis an scéim deontais ná tacú le líonta tí atá ag brath ar sholáthair phríobháideacha aonaracha uisce agus a mbíonn costais chaipitil le híoc acu le:
- soláthar uisce tí trí phíopaí a chur ar fáil, nó
- aon mhór-easnaimh sa soláthar reatha a dheisiú maidir le soláthar uisce tí.
Ní bhaineann an scéim le tithe a bhfuil soláthar poiblí nó soláthar grúpscéime acu cheana féin, nó a thiocfadh a chur ar fáil gan mórán dua.
Aon obair a dhéantar roimh scrúdú de chuid an údaráis áitiúil, ní thagann sé faoin scéim.