“Bí Críonna leis an Uisce”
Is é an t-uisce an ceann is tábhachtaí dár n-acmhainní nádúrtha ach níl soláthar éigríochta againn. Ar mhaithe leis an acmhainn nádúrtha seo a chosaint agus a chothabháil, caithfidh gach uile dhuine againn ár gcionroinnt féin a dhéanamh do chaomhnú uisce. Má tharlaíonn sceitheadh ón soláthar poiblí, ba chóir é sin a chur in iúl d’oifig áitiúil na Comhairle láithreach bonn.
Bearta Caomhantais a thig leat a dhéanamh sa bhaile-
- Ná fág buacaire ag sileadh gan fáth.
- Ná líon an folcadán go barr – ina ionad sin, más féidir é, bíodh cithfholcadh agat. Tig le folcadh deich n-uaire níos mó uisce a úsáid ná cithfholcadh.
- Tiontaigh as an buacaire nuair atá tú ag ní do chuid fiacla (sábháil suas le 10 lítear!). Úsáid gloine le do bhéal a ní amach.
- Cuir an pluga isteach sa bháisín nuair atá tú ag ní d’aghaidh agus do lámha.
- Líon d’inneall níocháin le lód iomlán – mar an gcéanna le do mhiasniteoir.
- Ná ní soithí choíche faoi bhuacaire atá ag rith – bain úsáid as pluga nó as mias.
- Cóirigh sceitheadh ar bith nó buacaire atá ag sileadh uisce láithreach – tig le buacaire silteach suas go dtí 91 lítear a chur amú sa lá.
- Déan umar an uisce te agus píopaí an uisce te a insliú.
- Bí faichilleach leis an phíobán uisce sin!- úsáid buicéad uisce nuair atá tú ag ní do charr.
- Ná cuir uisce ar an léana ach amháin nuair atá a leithéid de dhíth. Ná bí ag cur uisce amú ar na ballaí agus ar na cosáin ach an oiread!
- Ná chuir uisce ar an léana chóiche nuair atá sé gaothach, ag cur feathainne nó nuair atá an lá iontach te.
Cad eile a thig liom a dhéanamh?
- Buidéal plaisteach nó damba i sistéal an leithris.
De ghnáth, úsáideann an leithreas 9-14 lítear gach am a shruthlaítear é. Má chuirtear buidéal plaisteach nó damba isteach sa sistéal, sábháiltear cúpla lítear in agahidh an lae.
- Bain úsáid as aerthóir ar an bhuacaire -
Is ceangaltáin shimplí iad seo atá furasta a shuiteáil agus táirgeann siad sruth bog d’uisce súilíneach. Tig le haerthóirí úsáid uisce a laghdú 50%
- Cuir ceann íseal-sruthach ar an chithfholcadán –
laghdaíonn ceann íseal-sruthach ar chithfholcadán úsáid an uisce suas le 50% nó níos mó.
- Déan cinnte go bhfuil soc scoite ar do phíobán uisce –
níor chóir an píobán a fhágáil ar siúl gan fáth. Sciordann thar 20 lítear uisce sa bhomaite as píobáin gan soc. Déanfaidh soc, nach bhfuil costasach, ar shiúl leis an chur amú.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar chaomhnú uisce ach cuairt a thabhairt ar www.taptips.ie