Ag Athrú Úinéireachta ar Fheithicil 

Áthrú Úinéireachta – Díolachán Príobháideach

Feithiclí a cláraíodh roimh 01/01/1993 – is iad na hOifigí Mótarchánachais áitiúla a bhfuil an cúram seo orthu.

Sonraí le bheith curtha faoi bhráid:

  • Foirm RF200 comhlánaithe ag an dioltóir agus an ceannaitheoir araon (foirm ar fáil ón Oifig Mótarchánachais áitiúil). Déan cinnte go bhfuil dáta an díolacháin scríofa ar an fhoirm nó mura bhfuil glacfar leis gurbh é dáta an díolacháin an dáta a fhaightear an fhoirm d’athrú úinéireachta, Foirm RF200, ar ais san Oifig Mótarchánachais.
  • Leabhar Clárúcháin (leabhar tuairsice donn)

Is comhdhearbhú reachtúil í Foirm RF200, atá comhlánaithe ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir an tráth a dhíoltar an fheithicil. Caithfidh an díoltóir Páirt A agus C a chomhlánú agus caithfidh an ceannaitheoir Páirt B a chomhlánú. Tá sé de cheart ag an cheannaitheoir Páirt C a choinneáil go dtí go dtabharfar an leabhar tuairisce suas chun dáta.
Mura bhfuil an leabhar tuairisce donn ar fáil, ba chóir don díoltóir foirm iarratais RF134, i gcomhair athsholáthar doiciméad, a shíniú agus í a fháil stampáilte ag na Gardaí. Caithfear ansin Foirm RF134 a chur in éineacht le Foirm RF200, maraon leis an táille cuí de €12.00
Nóta: má tá úinéireacht na feithicle a haistriú chuig déileálaí gluaisteán, ní chuirtear an leabhar clárúcháin faoi bhráid ach caithfidh an garáiste cód an gharáiste a líonadh isteach sa bhosca cuí ar an fhoirm.

Feithiclí a cláraíodh iar 01/01/1993 – is ar an Lárionad Clárúcháin Feithicle, Sionainn, Co an Chláir, atá an chúram seo:

Caithfidh an díoltóir agus an ceannaitheoir araon Deimhniú Ceadúnais Feithicle (nó Deimhniú Clárúcháin Feithicle i gcás feithiclí a cláraíodh ón 28 Bealtaine 2004) a chomhlánú agus é a chur faoi bhráid an Lárionad Clárúcháin Feithicle, Sionainn, Co. an Chláir. Déan cinnte go bhfuil dáta an díolacháin scríofa ar an fhoirm nó mura bhfuil glacfar leis gurbh é dáta an díolacháin an dáta a fhaightear an fógra sa tSionainn. Ansin, seolfar Deimhniú Clárúcháin Feithicle sa phost díreach chuig an úinéir nua.

Ní thig le hOifigí Mótarchánachais athrú úinéireachta a phróiseáil i gcás Deimhniú Ceadúnais Feithicle / Deimhniú nua Clárúcháin Feithicle ach amháin nuair atá ceachtar díobh sin comhlánaithe go hiomlán ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir agus nuair atá an ceannaitheoir ag iarraidh cáin a chur ar an fheithicil ag an am céanna.

Díoltóir/Ceannaitheoir Anaithnid

Do fheithiclí cláraithe roimh 01/01/1993

  • Más rud é nach dtig le ceannaitheoir fáil i dteagmháil leis an díoltóir ar mhaithe leis an Fhoirm RF200 a fháil sínithe, caithfear an fhoirm a líonadh isteach chomh fada agus is féidir agus Mionnscríbhinn a chur in éineacht léi agus sonraí a thabhairt maidir le cá huair a ghlac sé/sí úinéireacht ar an fheithicil. An uair a chuirtear mionnscríbinn isteach, níl táille ar bith i gceist don leabhar tuairisce siocair gur íocadh táille leis an Fheidhmeannach Síochána ar son na mionnscríbhinne.
  • Más rud é nach dtig le díoltóir fáil i dteagmháil leis an ceannaitheoir ar mhaithe leis an Fhoirm RF200/Deimhniú Ceadúnais/Clárúcháin Feithicle a chomhlánú go hiomlán, caithfidh Mionnscríbhinn a bheith in éineacht leis an iarratas, ag tabhairt mionsonrái maidir le cá huair a díoladh an feithicil. Níl táille ar bith i gceist le hathsholáthar doiciméad a fháil.

Athrú úinéireachta – Ceannaíonn duine feithicil, tá an Deimhniú Ceadúnais / Clárúcháin Feithicle caillte ag an úinéir deiridh, nó ní féidir leis an ceannaitheoir teagmháil a dhéanamh leis an úinéir deiridh.

Do fheithiclí cláraithe iar 01/01/1993

Déanann an t-úinéir úr an Mionnscríbhinn a chomhlánú, faigheann sé/sí Coimisinéir Mionn lena síniú, agus ansin tig leis/léi í a chur díreach chuig an Lárionad Clárúcháin Feithicle, Sionainn, nó an mionnscríbhinn chomhlánaithe a thabhairt chuig Oifig Mótarchánachais a chuirfeas ar aghaidh í go Sionainn (ní gá foirm RF134 a líonadh isteach agus níl táille ar bith i gceist). Cuirfear sonraí an úinéara nua ar an Chóras Ríomhaireachta agus cuirfear Deimhniú Clárúcháin Feithicle sa phost chuig an úinéir nua.

Athrú úinéireachta – Garáiste

Athrú úinéireachta chuig Déileálaí Gluaisteán - Foirm RF105

Is í foirm RF105 a chaithfear a úsáid má táthar ag aistriú úinéireachta d’fheithicil a cláraíodh iar 01/01/1993 chuig Déileálaí Gluaisteán. Is úinéireacht shealadach atá i gceist anseo, go dtí go ndíolfaidh an déileálaí an fheithicil le duine éigin eile. Ní chláraítear an garáiste mar úinéir eile; déantar nuashonrú ar an chóras go díreach sa dóigh gurb fhéidir an Deimhniú Clárúcháin Feithicle a chur chuig an gharáiste.
Cuirtear na foirmeacha RF105 chuig an Lárionad Clárúcháin Feithicle, Sionainn, Co. an Chláir, i gcomhair próiseála, agus déanfaidh siadsan an Deimhniú nua Clárúcháin Feithicle a eisiúint in ainm an gharáiste.

Feithicil gan ceadúnas (gan diosca cánach reatha) an uair a cheannaítear í ó Gharáiste.

Ó Mheán Fómhair 2005, is féidir le garáistí a dhíolann feithiclí nach bhfuil aon diosca cánach reatha orthu, an Deimhniú Ceadúnais / Clárúcháin nua Feithicle, comhlánaithe mar is cóir, a thabhairt díreach don úinéir nua, seachas é a chur chuig an Lárionad Clárúcháin Feithicle, Sionainn, má tá an t-úinéir ag iarraidh diosca cánach a fháil don fheithicil láithreach bonn. Ciallóidh sé seo go mbeidh an t-úinéir nua ábalta cáin a íoc ar an fheithicil láithreach bonn in áit fanacht go dtí go bhfaighfidh sé/sí Deimhniú Clárúcháin ina (h)ainm fein ar ais as Sionainn. Tig leis an t-úinéir nua an doiciméad clárúcháin comhlánaithe, maraon leis an fhoirm athnuachan cánach agus an táille chuí don diosca cánach, a thabhairt chuig an Oifig Mótarchánachais agus déanfar an t-athrú úinéireachta a thuairisciú ansin agus eiseofar an diosca cánach.

Ba chóir go mbeadh a fhios ag garáistí gurb é an t-aon am a bhfuil sé ceadmhach dóibh na doiciméidí comhlánaithe clárúcháin a thabhairt díreach don úinéir nua ná nuair atá an diosca cánach éaga.. I ngach cás eile, caithfear an doiciméad clárúcháin a sheoladh chuig an Lárionad Clárúcháin Feithicle, Sionainn, chun go ndéanfar an t-athrú úinéireachta a nuashonrú mar atá sonraithe thuas.

Má cheannaigh garáiste carr ón úinéir deiridh, cé na foirmeacha a chaithfear a chur ar fáil chun an fheithicil a fháil cláraithe in ainm an gharáiste?

  • Do fheithiclí cláraithe iar 01/01/1993, caithfidh an garáiste Foirm RF105 comhlánaithe a chur chuig an Lárionad Clárúcháin Feithicle, Sionainn.
  • Más leabhar tuairisce atá i gceist (d’fheithiclí cláraithe roimh 01/01/1993), coinníonn an garáiste an leabhar tuairisce ach cuirtear Foirm RF200 comhlániathe chuig an Oifig Mhótarchánachais. Déantar sonraí an gharáiste ó RF200 a nuashonrú ar scáileán san Oifig Mhótarchánachais. Déan cinnte go bhfuil an fhoirm stampáilte agus go bhfuil cód an gharáiste scríofa isteach sa bhosca cuí.

Níl Deimhniú Ceadúnais/Clárúcháin Feithicle ag an gharáiste

Caithfidh an garáiste Foirm RF134 agus Foirm RF105 a chomhlánú agus an dá cheann a chur ar aghaidh chuig an Oifig Mhótarchánachais, maraon le táille €12.00. Cuirfidh an tOifig Mhótarchánachais an t-athrú úinéireachta i gcrích ar scáileán chun a chinntiú nach gcuirfear an Deimhniú Clárúcháin Feithicle chuig an úinéir deiridh. Déanfar an Deimhniú Clárúcháin Feithicle a eisiúint as Sionainn in ainm an gharáiste laistigh de chúpla lá.

Athrú úinéireachta chuig an gharáiste ach níl a fhios acu cé atá ina úinéir cláraithe agus táthar ag lorg cóip den leabhar tuairisce/Deimhniú Ceadúnais Feithicle/Deimhniú Clárúcháin Feithicle

Gan aon Deimhniú Ceadúnais/Clárúcháin Feithicle – caithfear Foirm RF134 a chomhlánú chomh maith le mionnscríbhinn a léiríonn cén fáth nach féidir an t-úinéir deiridh a aimsiú. Tá táille de €12.00 le híoc ar athsholáthar doiciméad.
Déanfaidh an tOifig Mótarchánachais an t-athrú úinéireachta a phróiseáil agus eiseofar an Deimhniú nua Clárúcháin Fheithicle as Sionainn.
  • Gan aon Leabhar Tuairisce – caithfear foirm RF134 a chomhlánú maraon le mionnscríbhinn a léiríonn cén fáth nach bhfuiltear ábalta fáil i dteagmháil leis an úinéir deiridh.
  • Déanann an tOifig Mótarchánachais an garáiste a nuashonrú mar úinéir agus déanfar leabhar tuairisce athsholáthraithe a eisiúint. Taille €12

    Nóta: Cé go gcuirtear an garáiste ar scáileán mar úinéir agus go n-eiseofar an Deimhniú Clárúcháin Fheithicle in ainm an gharáiste, níl an garáiste tuairiscthe mar úinéir.

    Nóta: Tig le garáiste cáin a íoc ar fheithicil ina ainm féin ar feadh trí mhí gan a bheith tuairiscithe mar úinéir. Ach, má dhéanann an garáiste iarratas ar dhiosca cánach eile don fheithicil, caithfidh sé a bheith cláraithe mar úinéir.

    Athrú Úinéireachta sula gcuirfear diosca cánach ar an fheithicil den chéad uair.

    Sa chás go ndíoltar feithicil nár íocadh cáin uirthi ón uair a cláraíodh í an chéaduair, seolann an díoltóir a fhoirm RF100 (a fuarthas nuair a ceannaíodh an fheithicil go húrnua nó nuair a rinneadh í a allmhairiú) chuig an lárionad sa tSionainn in éineacht le Foirm RF200, comhlánaithe agus sínithe ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir. Cuirfear sonraí an úinéara nua, maraon le Dáta an Díolacháin, suas ar an chóras sa tSionainn agus ansin eiseofar Foirm RF100 leasaithe don úinéir nua a mbeidh dliteanas cánach air/uirthi ó Dháta an Díolacháin agus ní ó Dháta an Chlárúcháin, mar a bhí amhlaidh roimhe seo.

    Sa chás go ndíoltar feithicil nár íocadh cáin uirthi ón uair a cláraíodh í an chéaduair agus go bhfuil an Fhoirm RF100 caillte ag an díoltóir, tig leis/léi cóip den Fhoirm RF100 a fháil ó na Coimisinéirí Cánach agus ansin leanúint ar aghaidh sa dóigh atá luiate thuas.

    Athrú úinéireachta – Úinéir Cláraithe ar Shlí na bhFíréan

    Do fheithiclí cláraithe roimh 01/01/1993

    Más in ainm an fhir chéile/na mná céile, atá anois ar shlí na bhfíréan, a bhí an úinéireacht, athróidh an tOifig Mótarchánachais an t-úinéireacht chuig ainm an chéile atá beo nuair a chuirfear an deimhniú báis agus an leabhar tuairisce donn ar fáil.

    Do fheithiclí cláraithe iar 01/01/1993

    Comhlánaigh cúl an Deimhniú Ceadúnais/Clárúcháin Feithicle le hainm agus seoladh an chéile, breac síos dáta an díolacháin agus síniú an chéile mar cheannaitheoir agus seol an deimhniú go lárionad na Sionainne in éineacht le cóip den teastais báis.

    Ag athrú úinéireachta chuig gaolta nó daoine eile: Caithfear daingniú dleathach ar úinéireacht, i.e. litir dlíodóra/litir ó sheiceadóir tiomna, a chur isteach in éineacht leis an leabhar tuairisce/Deimhniú Ceadúnais Feithicle sular féidir an t-athrú úinéireachta a chur i gcrích.

    Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó d’Ionad Seirbhísí Pobail áitiúil.