I nDeireadh Fómhair 2005, chuir an Roinn Comhshaoil in iúl do na hOifigí Mótarchánacha nach gceadófar dóibh úinéireacht feithicle a athrú, ná cáin a athnuachaint ar fheithicil, ná Uimhirphlátaí Gnó a éisiúint (do gharáistí), mura gcruthaíonn an t-úinéir fíortheideal.
Thig leis an Oifig Mhótarchánach glacadh le hiarrataisi atá in ainm :
- Daoine,
- Ainm le Comhlacht Teoranta, Ainm le Comhlacht Poiblí Teoranta(PLC), Ainm le Teoranta, Ainm le Teo.
- Rannóga Stáit/ Eagraíochtaí Stáit
- Comhlachtaí Reachtúla m.sh BSL, CIE agus rl
D’fhéadfadh an tOifig Mhótarchánach cuartú a dhéanamh ar shuíomh idirlín na hOifige Cláraithe Comhlachta www.cro.ie ag fiosrú achan fheithicil nach gcloíonn leis na critéir thuasluaite.
Mura bhfuil aon toradh sásúil ar chuartú na hOifige Mótarchánach, ní ghlacfar leis an iarratas go dtí go gcuirfidh úinéir na feithicle ainm duine ar fáil le bheith mar úinéir cláraithe don fheithicil.