Ba iad Coiste na gCuspóirí Ginearálta a cheadaigh Polasaí Gearrtha Fáil na Comhairle Contae ar an 14 Aibreán 2003 agus glacadh leis ag cruinniú den Chomhairle iomlán ar an 26 Bealtaine 2003.
I measc na bpointí is tábhachtaí sa Pholasaí Gearrtha Fálta, tá siad seo a leanas:
- Beidh Úinéir nó Sealbhóir talaimh freagrach as Gearradh Fálta de réir Acht na mBóithre;
- Cuirfidh an Chomhairle béim ar iarratais béil, go luath i séasúr an ghearrtha, chuig úinéirí talaimh ag iarraidh orthu a gcuid fálta rófhásta a ghearradh;
- Déanfaidh an Chomhairle Fógra Gearrtha Fáil foirmeálta a sheirbheáil i gcásanna nach gcloítear le hIarratais Béil;
- Nuair nach bhfuil an dara rogha ann, cuirfidh an Chomhairle an dlí ar úinéirí/sealbhóirí talaimh nach gcloíonn leis na Fógraí Gearrtha Fáil.
Ó cuireadh an polasaí úr i bhfeidhm, tá cigirí do Ghearradh Fálta ceaptha i ngach toghcheantar ar mhaithe le neartú a dhéanamh ar iarrachtaí na Comhairle i ndáil le fálta agus gruaimhíní a fháil gearrtha. I measc a gcuid dualgas, tá siad seo a leanas:
- Gearradh Fálta a eagrú i ngach áit a bhfuil an Chomhairle freagrach as a leithéid a dhéanamh.
- Idirchaidreamh leis na húinéirí talaimh áitiúla chun iarraidh orthu fálta a fháil gearrtha agus chun a chur in iúl dóibh cá huair a bheas an gearrthóir fálta sa cheantar.
- Iarratais i scríbhinn a eisiúint i gcás neamhchomhlíontachta.
- Taifead d’iarratais/d’fhógraí a choinneáil ar eagla go gcaithfí an dlí a chur i bhfeidhm.
Chun Polasaí Gearrtha Fáil Chomhairle Contae Dhún na nGall a bhreathnú, cliceáil anseo.