Ag Fáil Aisíoc Mótarchánach

Aisíocfar Mótarcháin ar na cúiseanna seo a leanas amháin:

  1. Tá an fheithicil scriosta go hiomlán nó imithe go buan amach as an Stát;
  2. Goideadh an fheithicil, agus níl an fheithicil faighte ar ais ag an úinéir; nó
  3. Níl an t-úinéir ag úsáid na feithicle, cionn is go bhfuil sé/sí imithe as an Stát ar chúiseanna gnó nó oideachais (caithfear cruthú a chur isteach, m.sh. ticéidí taistil, litir ó Choláiste agus rl); nó
  4. Níl an t-úinéir ag úsáid na feithicle, cionn is go bhfuil sé/sí thar lear leis na Fórsaí Cosanta (caithfear litir ón Arm a chur isteach, le sonraí – caithfidh an tréimhse oibre thar lear a bheith níos faide ná trí mhí); nó
  5. Níor úsáideadh, in aon áit phoiblí, feithicil ar eisíodh diosca mótarchánach di, ag aon am ón dáta ar eisíodh an diosca, cionn iss go bhfuil úinéir na feithicle tinn, gortaithe nó faoi mhíchumas fisiciúil eile (caithfear litir ó dhochtúir áitiúil, ó otharlann nó rl a chur isteach, le sonraí tréimhse tinnis)

Ag cur isteach ar Aisíoc:

  • Ba cheart iarratais ar aisíoc a bheith ar Fhoirm RF120, sínithe agus faoi stampa an Gharda Síochána. Caithfidh an t-iarratas a bheith déanta ag úinéir cláraithe na feithicle.
  • Caithfidh an diosca mótarchánach agus doiciméad cláraithe na feithicle, le cois na Foirme 120 comhlánaithe, a bheith curtha isteach chuig an Oifig Mótarchánach áitiúil chomh luath agus is féidir i ndiaidh stad d’úsáid na feithicle.
  • Sna cásanna 1 agus 2 thuas, beidh an t-aisíoc bunaithe ar cé mhéid mí den diosca nach raibh caite, nuair a scriosadh nó a goideadh an fheithicil, cibé acu atá i gceist.
  • Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcaithfidh an t-iarratasóir an diosca agus na doiciméid cuí a chur ar ais láithreach, mar go meastar aisíoc ón chéad lá den mhí i ndiaidh an diosca a bheith curtha isteach. Caithfidh trí mhí glan a bheith fágtha ar an diosca nuair a chuirtear é isteach..
  • Caithfidh cúis a bheith ann le haisíoc a lorg, ní leor “Níl an fheithicil á húsáid”.
  • Mura féidir leis an iarratasóir na doiciméid cláraithe a chur isteach, caithfidh an ráiteas dearbhaithe RF134 a bheith comhlánaithe, sínithe agus faoi stampa an Gharda Síochána. Níor cheart, ar chúis ar bith, an doiciméad cláraithe a thabhairt do mhangaire screapalla, ná do chomhlacht árachais, mar d’fhéadfaí an fheithicil a chóiriú ansin agus í a chur ar ais ar an bhóthar.

Is féidir breis eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hIonad Sheirbhísí Pobail Áitiúil..