Conas Iarratas a dhéanamh ar Phlátaí Trádála

Is plátaí clárúcháin speisialta atá sna Plátaí Trádála a fhaigheann trádálaithe/deisitheoirí gluaisteán. Faigheann gach uile Chomhairle Contae a gcionroinnt féin de phlátaí trádála gach bliain.
Tá úsáid na bplátaí seo ag trádálaithe/deisitheoirí gluaisteán srianta do úsáid dhleathach laistigh den earnáil trádála gluaisteán, m.sh. níl sé ceadmhach iad a úsáid i ndiaidh an sé a chlog tráthnóna nó ag an deireadh seachtaine nó ar laethanta saoire poiblí. Déantar iad a eisiúint ar feadh tréimhse bliana amháin. Déantar formhór na bplátaí trádála a eisiúint sa chéad trí mhí den bhliain.

Tá siad seo a leanas de dhíth:

  • Foirm R700 chomhlánaithe
  • Cód an Gharáiste – tig leis an trádálaí gluaisteán an cód seo a fháil ón Lárionad Clárúcháin Feithicle, Sionainn.
  • An uimhir CBL a bheith ar an fhoirm.
  • Uimhir an Chuntais Rátaí nó uimhir an chead pleanála agus an dáta ar ar deonaíodh an cead.
  • Caithfidh deimhniú árachais na hÉireann a bheith in eineacht leis an iarratas chomh maith leis an táille chuí (€268.00)

Ag Athnuachan Plátaí Trádála (caithfear na seanphlátaí a thabhairt suas, nó má tá siad caillte, caithfear Foirm 134 dhearbhúcháin a chomhlánú agus a chur isteach in éineacht leis na sonraí atá luaite thuas).
Má táthar ag déanamh iarratas ar an dara tacar de phlátaí, caithfidh an garáiste a chruthú go bhfuil a leithéid riachtanach, i.e. cruthú go bhfuil níos mó úsáide i gceist.

Tuilleadh eolais le fáil ó d’Ionad Seirbhísí Pobail áitiúil.