‘Sé an bonn dlíthiúil atá le socrú teorainneacha luais faoi láthair ná an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004, a tháinig i bhfeidhm ar an 20 Eanáir 2005. Chuir an tAcht seo an módh méadrach i bhfeidhm do na teorainneacha luais, agus fosta, déanann soláthar do -
- Glacadh le teorainneacha luais loicroghnaithe de 50 km san uair do bhóithre in áiteacha faoi fhoirgnimh, 100 km san uair do bhóithre náisiúnta tuaithe, agus 80 km san uair do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla tuaithe;
- Cur le cumhacht Chomhaltaí na Comhairle maidir le teorainneacha faoi leith a chur i bhfeidhm, tríd ghlacadh le fodhlíthe faoi leith.
- Leathnú ar shocruithe maidir le comhairleoireacht ar theorainneacha faoi leith luais atá molta, tríd dul i gcomhairle leis an phobal.
- Teorainn luais faoi leith a chur i bhfeidhm ag láthair oibreacha bóthair, tríd Ordú déanta ag an Chomhairle Chontae.
De ghnáth, beidh na teorainneacha luais loicroghnaithe i bhfeidhm ar na bóithre aitheanta, ach tá cásanna ina bhfuil sé riachtanach go ndéanfaí athruithe ar na teorainneacha luais. Tá an t-údarás ag Baill Tofa Chomhairle Chontae Dhún na nGall, leis na hathruithe sin a dhéanamh tríd fodhlíthe faoi leith teorainneacha luais, de réir treoirlínte eisithe.
Caithfear a chuimhniú gurb é an teorainn luais an uasmhéid luais ag a gceadaítear feithicil a thiomáint. Tá a fhreagracht ar an tiomanaí cloí leis na teorainneacha luais i gcónaí, ach tá freagracht i bhfad níos mó ná sin ar an tiománaí. Caithfidh sé/sí a chinntiú go bfuil an fheithicil á tiomáint ag luas atá fóirsteanach do na coinníollacha ag an am, fiú má tá an luas sin níos ísle ná an teorainn luais ar an bhóthar sin ag an am, ná éifeacht na feithicle féin.
Ag an am céanna is a tugadh isteach an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004, rinne an Chomhairle athbhreithniú cuimsitheach ar na teorainneacha luais i nDún na nGall, agus chuaigh i gcomhairle leis an phobal maidir le moltaí de réir na dtreoracha, sular cuireadh na moltaí i bhfeidhm mar fhodhlíthe faoi leith theorainneacha luais. Thug na fodhlíthe seo san áireamh an fhorbairt a tháinig ar mhórán áiteacha sa Chontae ó socraíodh teorainneacha luais sa bhliain 1997, agus mar sin, leathnaíodh amach ceantair le luas fóirsteanach do cheantair faoi fhoirgnimh. Rinneadh athruithe breise ar na fodhlíthe, le Seachbhóthar Bhun Dobhráin-Bhéal Átha Seanaidh a thabhairt san áireamh, agus glacadh leis na fodhlíthe reatha – “Fodhlíthe fá Thrácht ar Bhóithre, 2006 (Teorainneacha Luais faoi Leith)(Contae Dhún na nGall).” Tá sé ar intinn ag an Chomhairle tabhairt faoi athbhreithniú ar na teorainneacha luais uilig i ndiaidh roinnt blianta, má leanann forbairt ar áiteacha faoi fhoirgnimh ar aghaidh mar atáthar a dhéanamh faoi láthair.
Thug an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 2004, isteach an nós gurb fhéidir teorainneacha luais a chur i bhfeidhm ag amanna roghnaithe teorainneacha. Is é an cuspóir atá leis seo ná gurb fhéidir leis an Chomhairle teorainneacha luais a úsáid mar dhóigh le tabhairt faoi dheacrachtaí a éiríonn le sábháilteacht bóthar ag amanna áirithe, mar shampla, ag scoileanna. Má chuirtear maoiniú ar fáil leis na teorainneacha luais seo a chur i bhfeidhm, beidh sé ar intinn ag Comhairle Chontae Dhún na nGall na teorainneacha luais faoi leith seo a chur i bhfeidhm ag mórán de na scoileanna sa Chontae.
Eolas úsáideach le fáil ar :
http://www.gometric.ie