Rangú Feithiclí
Rátaí Mótarchánach
Mótarcháin Ar Líne
Ón 1 Márta 2004, is féidir mótarcháin a athnuachan ar an idirlíon maidir le carranna príobháideacha, gluaisrothair agus feithiclí atá curtha in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas. http://www.motarchain.ie
Tá Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP) priontáilte ar an taobh deas den fhoirm athnuachana/mheabhrúcháin RF100B a eisíonn an tAonad Clárúcháin Feithiclí (ACF). Is í seo an t-aon áit amháin a dtig leat an UAP a fháil, agus ar chúiseanna slándála ní féidir linn í a thabhairt ar an ghuthán nó ar ríomhphost. Má chuireann tú isteach uimhir chlárúcháin d’fheithicle agus do UAP beidh tú in ann an tseirbhís Mhótarchánach Ar Líne a rochtain. Iarrfar ort sonraí árachais feithicle (ainm an chomhlachta árachais, uimhir pholasaí agus dáta éaga) a thabhairt, chomh maith le sonraí do chárta creidmheasa/chárta léasair. Má chailltear an fhoirm athnuachana cánach RF100B, agus an UAP dá bhrí sin, is féidir dul i dteagmháil le hOifig na Sionainne ar 1890 411 412 le cóip den fhoirm chánach a fháil.
Thig leat riaráiste trí mhí ar a mhéad a íoc ar an idirlíon ar acht go bhfuil tú ag cur mótarchánach ar an fheithicil san am céanna. Eiseofar fáltas don riaráiste in éineacht leis an diosca cánach nuair a thagann i gceist.
Cuireadh leis an tseirbhís ar líne i mí na Samhna 2005 le go bhféadfaí cáin bhóthair den chéad uair a chur ar fheithiclí úra nó ar fheithiclí dara láimhe a cláraíodh ar nó i ndiaidh 8 Samhain 2005. Is iad na ranguithe mótarchánach atá incháilithe don tseirbhís ceadúnaithe/cánach céad uaire ar líne ná Carranna Príobháideacha/Tarracóirí Talmhaíochta/Tochaltóirí/Gluaisrothair/Feithiclí Díolmhaithe (Tiománaithe faoi mhíchumas) agus Feithiclí Seanré.
I gcás gur mian le húinéir na feithicle/mótardhéileálaí cáin bhóthair chéad uaire a chur ar fheithicil úr nó ar fheithicil dara láimhe atá allmhairithe, beidh air/uirthi uimhir chlárúcháin na feithicle agus an PIN (cuid den fhonnadh/VIN) a chur isteach ar an suíomh idirlín www.motarchain.ie agus a luaithe agus a dheimhneofar an teaglam uimhreacha seo beidh cead isteach ag an chustaiméir chuig an tseirbhís ceadúnaithe chéad uaire. Is é atá i gceist leis an ghnó a thabhairt chun críche ná go gcuirfidh an custaiméir ar fáil mionsonraí a bhaineann leis an iarratas, ag cur in iúl don chóras an rangú cuí mótarchánach, tréimhse ama don diosca atá á iarraidh (3, 6 nó 12 mí), chomh maith le riaráiste mótarchánach más cuí (iarrann an córas íocaíocht riaráiste do mhí an chlárúcháin agus d’aon mhí/mhíonna eile roimh an chéad cháin, suas go dtí trí mhí ar a mhéad), chomh maith le hainm agus seoladh a dheimhniú. Mar an gcéanna leis an tseirbhís athnuachana mótarchánach atá ar fáil cheana féin freagraíonn an córas le sonraí faoin táille don tréimhse a roghnaítear agus treoraíonn sé an custaiméir tríd an phróiseas íocaíochta lena c(h)árta creidmheasa/Laser. Is é atá i gceist leis an chuid seo den phróiseas ná comhéadan leictreonach le soláthraí Ríomh-Íocaíochtaí a dhéanann an gnó a dheimhniú ó thaobh an airgeadais de. Nuair a bhíonn an íocaíocht déanta, cuirtear in iúl don iarratasóir go gcuirfear an diosca cánach tríd an phost ón Aonad Clárúcháin Feithiclí. Cuireann an tAonad Clárúcháin Feithiclí an Deimhniú Clárúcháin Feithicle agus an diosca cánach ar leithligh.
Deimhnithe Clárúcháin Feithiclí
Tá Deimhniú Clárúcháin Feithicle (a fhaightear ó na Coimisinéirí Ioncaim 2-3 lá i ndiaidh clárúcháin) de dhíth go fóill d’fheithiclí a cláraíodh roimh an 28 Bealtaine, 2004 an chéad uair a dhéantar cáin bhóthair a chur orthu, ach ní eiseofar deimhniú clárúcháin feithicle d’aon fheithicil a cláraíodh ar nó i ndiaidh an dáta sin go dtí go gcuirfear cáin bhóthair uirthi (deimhniú eisithe ag Oifig na Sionainne).
Bíonn Ceadúnas Feithicle na Laethanta Breise i bhfeidhm sna chéad seacht lá d’achan mhí.
Seo a leanas na cúinsí ina n-úsáidtear na laethanta breise sna hOifigí Mótarchánach:
1. Le go mbeifear in ann iarratais a thagann sa phost a phróiseáil do mhí áirithe, i gcás go seoltar an t-iarratas ag deireadh míosa agus go bhfaightear é sna chéad seacht lá den mhí ina dhiaidh.2. Le go mbeifear in ann glacadh le hiarratais a diúltaíodh ag an chuntar tosaigh an mhí áirithe sin agus a fuarthas arís sna chéad seacht lá den mhí ina dhiaidh.
3. Le scuainí a sheachaint ag tús na míosa.
Mí amháin i ndiaidh an dáta athnuachana cánach, beidh riaráiste mótarchánach ar d’fheithicil.
Cáin Bhóthair ar Fheithiclí Príobháideacha
San am i láthair, ní iarrann Oifigí Mótarchánach deimhnithe TNG (Tástáil Náisiúnta Gluaisteán), ach táthar ag dréim go mbeidh athrú ar an scéal seo san am atá le teacht.
Comhairlítear do chustaiméirí, áfach, go bhfuil sé de dhualgas orthu an fheithicil a chur faoi scrúdú TNG cé nach bhfuil sé seo á iarraidh ag an Oifig Mótarchánach. Caithfear TNG bailí a bheith ag feithiclí atá níos sine ná ceithre bliana agus gach dara bliain ina dhiaidh.Uimhir Áirithinte 1890 412 413Fiosruithe Custaiméara 1890 200 670Tá trí Ionad Tástála i nDún na nGall:
Doirí Beaga, Leitir Ceanainn agus Baile Dhún na nGall.
Le cáin bhóthair den chéad uair a fháil do charr úr nó do charr allmhairithe is é a bheas de dhíth ná:
- Foirm Iarratais RF100 (ar fáil ón Gharáiste nó ó na Coimisinéirí Ioncaim). Caithfear an fhoirm a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille Chuí. Féach rátaí dleachta.
Le cáin bhóthair a athnuachan ar charr príobháideach nuair nach mbíonn briseadh ar bith sa cháin, is é atá de dhíth ort ná:
- Foirm iarratais líonta, i., Meabhrúchán RF100B (foirm ríomhairithe a eisítear ón ACF, Oifig na Sionainne) nó Foirm Athnuachana Cánach RF100A. Caithfear an fhoirm a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille Chuí.
Le cáin a athnuachan ar charr príobháideach nuair a bhíonn briseadh sa cháin (nach mbíonn riaráiste i gceist) is é atá de dhíth ort ná:
- Foirm Athnuachana Cánach RF100A líonta, agus Garda mar fhinné, ag clúdach na tréimhse nach raibh an fheithicil in úsáid ar bhóthar poiblí. Tá sé fíorthábhachtach nach n-athraítear an fhoirm seo ar dhóigh ar bith. Déan cinnte go gcuirfear mionsonraí árachais isteach.
- Táille Chuí.
Le cáin a athnuachan ar fheithicil sa chás go mbíonn gá le athdhearbhú (ms., athrú seolta, athrú cineáil, athrú innill) is é atá de dhíth ort ná:
- Foirm Athraithe Sonraí RF111 líonta & sínithe, ag cinntiú go bhfuil mionsonraí árachais curtha isteach.
- Leabhar Clárúcháin/Ceadúnú Feithicle/Deimhniú Clárúcháin Feithicle.
- Táille Chuí.
Cáin Bhóthair ar Fheithiclí Earraí
Tá cáin bhóthair ar Fheithiclí Earraí bunaithe ar mheáchan na feithicle gan ualach.
Níor chóir go mbeadh níos mó ná 3 shuíochán ar a mhéad ann – agus ní dhéanfar eisceacht ar bith ach amháin i gcás na bhfeithiclí sin a rangaítear mar charranna criú.Pléitear le feithicil altach (.i. feithicil agus leathleantóir) mar fheithicil shingil agus tá mótarcháin iníoctha de réir mheáchan an tarracóra gan ualach móide meáchan an leathleantóra is troime gan ualach a úsáidfear am ar bith i rith thréimhse an cheadúnais. Ní íoctar cáin bhreise eile maidir le húsáid feithicle le leantóir nó taobhcharr a tharraingt. Tá ar a laghad meáchan 9,000kg gan ualach i Leoraí Altach, agus is cinnte nach bhfuil níos lú ná 9,000kg gan ualach i gceist.
Le cáin bhóthair den chéad uair a fháil d’fheithicil earraí úr nó allmhairithe is é a bheas de dhíth ná:
- Foirm Iarratais RF100 líonta (ar fáil ón Gharáiste nó ó na Coimisinéirí Ioncaim). Caithfear an fhoirm a líonadh go hiomlán & a bheith sínithe, agus cinnte a dhéanamh go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Duillín Meáchain. Caithfear an fhoirm a bheith eisithe ó Dhroichead Meáite Údaraithe. Ní thig le hOifigí Mótarchánach glacadh le meáchan gan ualach de réir an Dearbhaithe Pais (ní droichid mheáite údaraithe iad stáisiúin tástála ródacmhainneachta).
- Foirm dhearbhaithe Earraí Amháin líonta má bhíonn an meáchan gan ualach níos lú ná 152kg (foirm dhearbhaithe ar fáil ó Oifigí Mótarchánach nó ón Gharda Síochána)
- Táille chuí (N.B. féach an paragraf thíos faoi seo go bhfeice tú an táille bhreise atá iníoctha le hoifig na mótarchánach don deimhniú ródacmhainneachta, más cuí).
- Cé nach bhfuil sé riachtanach do dheimhniú árachais a thaispeáint nuair atá tú ag cur isteach ar mhótarcháin, ba chóir duit a thabhairt faoi deara go gcaithfear árachas faoi pholasaí árachais tráchtála a bheith ar fheithiclí a bhfuil cáin bhóthair earraí orthu.
Le cáin bhóthar a athnuachan ar fheithicil earraí is é a bheas de dhíth ná:
- Foirm iarratais líonta, i., Foirm Mheabhrúcháin RF100B (a eisítear ón ACF, Oifig na Sionainne) nó Foirm Athnuachana RF100A. Caithfear an fhoirm a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Más úinéir úr atá i gceist, caithfear an fheithicil a mheá má tá sí os cionn 1450kg gan ualach. Má tá difear suntasach sa mheáchan, caithfidh an t-iarratasóir cúis an difir a lua agus é a bheith sínithe agus stampáilte ag na Gardaí.
- Más úinéir úr atá i gceist agus an meáchan níos lú na 1524kg gan ualach caithfear dearbhú earraí amháin a chur isteach.
- Táille Chuí (N.B. féach an paragraf thíos faoi seo go bhfeice tú an táille bhreise atá iníoctha le hoifig na mótarchánach don deimhniú ródacmhainneachta, más cuí).
Ó mhí Mheán Fómhair 2004, má tá an fheithicil níos sine ná bliain amháin caithfidh sé dul faoi scrúdú ródacmhainneachta. Má éiríonn leis an fheithicil sa scrúdú, eisíonn an t-ionad dearbhú pais, rud a thugtar d’Oifig na Mótarchánach, agus eiseoidh siad siúd deimhniú ródacmhainneachta don fheithicil.
Má tá ollmheáchan ceaptha na feithicle (OCF) os cionn 3300kg is é €13 an táille atá ar an deimhniú ródacmhainneachta. Má tá an OCF níos lú ná 1524 is é €6 an táille.Le cáin bhóthair a chur ar fheithicil oiriúnaithe ag an ráta earraí / le cáin bhóthair a chur ar fheithicil a raibh cáin bhóthair phríobháideach/fruilchairr uirthi i dtús ama ach atá curtha in oiriúint d’úsáid tráchtála san am i láthair.
Leagtar amach i gCiorclán MT 10/2005, arna dhátú 14/09/05, na coinníollacha faoinar féidir cáin bhóthair ag an ráta earraí a chur ar fheithicil oiriúnaithe.
- An t-achar iompartha earraí a bheith níos mó ná achar na suíochán.
- Gach suíochán ar chúl shuíochán an tiománaí le bheith bainte amach (líon na suíochán – chan níos mó ná trí cinn, seachas i gcarranna criú) agus caithfear na poill a fhágtar ó na boltaí suíocháin a líonadh le hobair tháthaithe.
- Gach crios sábhála sa chúl a bhaint amach, agus na pointí ancairithe do na criosanna sábhála a chlúdach le hobair tháthaithe.
Ní gá iachall a chur ar úinéirí feithicle fuinneoga a dhubhú nó fuinneoga a bhaint amach agus ábhair eile a chur isteach.
Ó Mheán Fómhair 2005 ní scrúdóidh ionaid tástála feithiclí oiriúnaithe nach gcomhlíonann na coinníollacha ar fad thuas.
- Líon Foirm Athraithe Sonraí RF111. Caithfear an fhoirm a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille Chuí.
- Deimhniú Ródacmhainneachta (más cuí)
- Duillín Meáchain.
Le cáin bhóthair a chur ar fheithicil i ndiaidh athraithe úinéireachta.
D’fheithiclí a cláraíodh roimh 01/01/1993 is a bheas de dhíth ort ná:
- Caithfear Forim RF100A (Athnuachan Cánach) a bheith líonta go hiomlán & sínithe, ag cinntiú go bhfuil mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille Chuí.
Le cáin a athnuachan i ndiaidh athraithe úinéireachta agus sonraí an úinéara úir a bheith uasdátaithe ar an Ríomh-Chomhad Náisiúnta do Thiománaithe Feithicle (RCNTF).
D’fheithiclí a cláraíodh i ndiaidh 01/01/1993 is a bheas de dhíth ort ná:
- Caithfear Foirm RF100A (Athnuachan Cánach) a bheith líonta go hiomlán & sínithe, ag cinntiú go bhfuil mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille Chuí
Cáin Bhóthair d’Fheithiclí Díolmhaithe
Ní chaithfear cáin bhóthair a íoc do na feithiclí díolmhaithe seo a leanas:
(a) feithiclí faoi úinéireacht an Stáit
(b) Feithiclí taidhleoireachta
(c) Feithiclí atá díolmhaithe faoi na Rialacháin do Thiománaithe agus Phaisinéirí Faoi Mhíchumas ((Lamháltais Chánach), 1994 (I.R. Uimh. 353 de 1994),
(d) Feithiclí (ar a n-áirítear aon rothar lena ngabhann ceanglas chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil) nach mó ná 400kg a meáchan gan ualach agus atá oiriúnaithe agus a úsáidtear fá choinne othar,
(e) Feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (cé acu trína n-iompar nó trína dtarraingt é) báid tarrthála agus a bhfearas nó aon trealamh chun cuidiú le daoine agus maoin a chaomhnú i gcásanna longbhriste agus guaise ar muir. (f) Feithiclí nach n-úsáidtear ach ar chúiseanna tarrthála sléibhe agus uaimhe amháin,
(g) Feithiclí nach n-úsáidtear ach amháin ar chúiseanna cuardaigh agus tarrthála faoi uisce,
(h) Feithiclí nach n-úsáidtear ach chun innealra déanta bóithre, atá tógtha mar chuid dá leithéid d’fheithicil, nó atá ceangailte go buan leis ar dhóigh eile, a iompar (cibé acu trína iompar nó trína tharraingt é), nach n-iompraíonn aon ualach seachas nithe agus ábhair a úsáidtear don innealra déanta bóithre agus nach n-úsáidtear chun aon chríche ach chun bóithre a dhéanamh nó a dheisiú,
(i) Cairteacha bruscair, innill scuabtha nó innill spréite uisce nach n-úsáidtear ach chun sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh,
(j) Otharcharranna, rollóirí bóthair nó innill dóiteáin,
(k) feithiclí atá á gcoimeád ag údarás áitiúil agus n-úsáidtear ach chun críche a seirbhíse briográide dóiteáin.
Tá an méid seo a leanas de dhíth le cáin bhóthair a chur ar fheithicil dhíolmhaithe:
Mar gheall ar athruithe ar eisiúint Dheimhnithe Clárúcháin Feithicle, a tháinig i bhfeidhm ar an 28 Bealtaine ’04, caithfear deimhniú a bheith ag gach feithicil a mbítear le cáin bhóthair “Dhíolmhaithe” a chur uirthi, agus é scríofa go soiléir ar an Fhoirm Iarratais (RF100) agus/nó caithfear an Ríomh-Chomhad Náisiúnta do Thiománaithe Feithicle a bheith uasdátaithe cheana féin le díolúine na feithicle a thaispeáint, ag deimhniú a teidlíochta, ón Rannóg Ioncaim, Cashelshanaghan, Muineachán, Guthán: 047 82800 nó DDA, Baile an Daingin, Co. Mhaigh Eo – Guthán: 094 9364266. I gcás go mbítear le cáin bhóthair “dhíolmhaithe” a chur ar fheithiclí a cláraíodh roimh 28/05/04, caithfear cóip den DCF a bheith curtha leo, ag deimhniú a gcáilitheachta.
Cáin Bhóthar ar Fheithiclí Tarrthála
Ón 1/6/05 gach duine ar mian leis nó léi cáin bhóthair a chur ar fheithicil don chéad uair mar fheithicil tarrthála caithfidh sé nó sí dul i dteagmháil leis an Chlós Innealra ar (074) 9172382 le dáta agus am a shocrú leis an fheithicil a thabhairt go dtí an Clós Innealra le í a scrúdú. Déantar na scrúduithe Dé Máirt.
Cé go bhféadfaí go mbeadh feithicil deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim cheana féin mar fheithicil tarrthála agus í á hallmhairiú, caithfear an fheithicil seo a bheith scrúdaithe ag an Chlós Innealra go fóill. Ní dhéantar tástáil ródacmhainneachta ar fheithiclí tarrthála go fóill.
Bíonn tuairiscí scrúdaithe de dhíth nuair a tharlaíonn athrú úinéireachta.
Agus iad ag ullmhú don scrúdú ba chóir d’úinéirí feithicle suíomh na huimhreach fonnaidh a aithint ar an fheithicil. Beidh orthu an leabhar clárúcháin/Deimhniú Clárúcháin Feithicle/Deimhniú Ceadúnais Feithicle a thaispeáint ar lá an scrúdaithe. Tá bántuairiscí scrúdaithe ar fáil ó oifigí Mótarchánach sa dóigh is go mbeidh eolas ag úinéir na feithicle ar na réimsí ar leith ar a ndéanfar an fheithicil a thástáil.
Nuair a éireoidh leis an fheithicil sa scrúdú, tabharfar deimhniú don chustaiméir a thig leis nó léi a thaispeáint, i gcomhar lena fhoirm athnuachana cánach agus táille chuí, nuair a bheas cáin bhóthair á hiarraidh don fheithicil.
Cáin Bhóthar ar Cheardlanna Soghluaiste
Ón 1/6/05 gach duine ar mian leis nó léi cáin bhóthair a chur ar fheithicil don chéad uair mar Cheardlann Shoghluaiste caithfidh sé nó sí dul i dteagmháil leis an Chlós Innealra ar (074) 9172382 le dáta agus am a shocrú leis an fheithicil a thabhairt go dtí an Clós Innealra le í a scrúdú. Déantar na scrúduithe Dé Máirt.
Cé go bhféadfaí go mbeadh feithicil deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim cheana féin mar Cheardlann Shoghluaiste agus í á hallmhairiú, caithfear an fheithicil seo a bheith scrúdaithe ag an Chlós Innealra go fóill. Ní dhéantar scrúdú ródacmhainneachta ar Cheardlanna Soghluaiste go fóill.
Bíonn tuairiscí scrúdaithe de dhíth nuair a tharlaíonn athrú úinéireachta.
Agus iad ag ullmhú don scrúdú ba chóir d’úinéirí feithicle suíomh na huimhreach fonnaidh a aithint ar an fheithicil. Beidh orthu an leabhar clárúcháin/Deimhniú Clárúcháin Feithicle/Deimhniú Ceadúnais Feithicle a thaispeáint ar lá an scrúdaithe. Tá bántuairiscí scrúdaithe ar fáil ó oifigí Mótarchánach sa dóigh is go mbeidh eolas ag úinéir na feithicle ar na réimsí ar leith ar a ndéanfar an fheithicil a thástáil.
Nuair a éireoidh leis an fheithicil sa scrúdú, tabharfar deimhniú don chustaiméir a thig leis nó léi a thaispeáint, i gcomhar lena fhoirm athnuachana cánach agus táille chuí, nuair a bheas cáin bhóthair á hiarraidh don fheithicil.
Cáin Bhóthair ar Mhótarcharbháin
- Foirm Athnuachana Cánach RF100a. Caithfear an fhoirm a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Mionsonraí Árachais – Comhlacht Árachais, Dáta Éaga agus Uimhir Pholasaí.
- Caithfidh oifigigh údaraithe in achan Oifig Ceantair Mótarchánach an fheithicil a scrúdú lena chinntiú go bhfuil an doirteal agus trealamh cócaireachta atá riachtanach istigh ann, chomh maith lena chinntiú nach bhfuil airde na feithicle ar an taobh istigh níos lú ná 1.8 méadar.
- Tá comhairlithe ag na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil aon táille bhreise le híoc nuair atá veáin á tiontú ina veáin champála a fhad is nach mó ná 3 tonna meáchan na feithicle gan ualach. Úsáideann na custaim na critéir chéanna scrúdaithe agus a úsáideann oifigí mótarchánach, mar sin de, ní gá don oifigeach údaraithe an mótarcharbhán a scrúdú má tá sé deimhnithe ag na custaim go bhfuil sé gach rud in ord nuair atá sé á allmhairiú.
- Caithfear foirm dhearbhaithe Mótarcharbháin a líonadh chomh maith.
Cáin Bhóthair a chur ar Fheithicil Mhór Seirbhíse Poiblí agus ar Bhus Óige/Pobail
- Caithfear 9 suíochán nó níos mó a bheith i gceist, agus gearrtar cáin de réir cóir suí.
- Deimhniú reatha ródacmhainneachta – tástálaithe gach bliain
- Ceadúnas FSP eisithe ón Chigire FSP, Leitir Ceanainn
- Caithfear an fhoirm athnuachana cánach a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille chuí.
Le cáin bhóthair a chur ar fheithicil mar Bhus Óige/Pobail, caithfear litir dheimhnithe a bheith ag an úinéir ón choiste pobail, ón Fheidhmeannas Sláinte srl, ag cur síos go mion ar an úsáid a bhaintear as an fheithicil. Níl cead an fheithicil a úsáid ar fruiliú nó ar luaíocht.
Cáin Bhóthair a chur ar Bhus Scoile
- Caithfear a bheith deimhnithe ag na Gardaí
- Deimhniú reatha ródacmhainneachta – tástálaithe gach bliain
- Caithfear an fhoirm iarratais a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille chuí.
Cáin Bhóthair a chur ar Otharcharr
- Deimhniú reatha ródacmhainneachta – tástálaithe gach bliain
- Caithfear an fhoirm iarratais a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille ar dheimhniú ródacmhainneachta.
Fáltais FSP
Eisíonn Rannóg na Mótarchánach na fáltais.
- An Chéad Uair €15
- Athnuachan €3
Nuair a eisítear an fáltas, rachaidh an t-iarratasóir chuig na Gardaí leis an mhéid seo a leanas:
- Láncheadúnas Tiomána Éireannach
- Dhá ghrianghraf Pasanna
- Fáltais do €15 & €3 eisithe ag an Oifig Mótarchánach
- Foirm PSV 15 & Foirm Aguisín B – ar fáil ag Stáisiún na nGardaí.
- Caithfear dhá litir theistiméireachta ó mholtóirí a bheith le gach iarratas, mar atá ar fhoirm P.S.V. 15
Nuair a tchífidh na Gardaí an fáltas, cuirfidh siad a n-iarratas isteach ar shuaitheantas FSP. Is iad na Gardaí a chinneann cé acu bronnfar ceadúnas le tascaí/fruilcharr a thiomáint nó nach mbronnfar.
Cáin bhóthair a chur ar Thascaí
- Tá cead ag tacsaithe páirceáil ar shráideanna agus iad a stopadh, suas go dtí 8 suíochán
- Eisítear ceadúnas tacsaí ón Rannóg Seirbhísí Corparáideacha in achan Ionad Seirbhísí Pobail nó ón Chomhairle Baile chuí.
- Caithfidh an ceadúnas a bheith bailí ar lá eisithe na mótarchánach, agus caithfidh an uimhir chlárúcháin a bheith ar an cheadúnas.
- Caithfear an fhoirm Athnuachana Cánach a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille chuí.
Cáin Bhóthair a chur ar Fhruilcharr
- Níl cead ag fruilcharranna páirceáil ar shráideanna agus ní féidir iad a stopadh ar an bhóthar, suas go dtí 8 suíochán
- Caithfear Ceadúnas bailí Fruilchairr (Uimh. Cheadúnais Tiomána) a bheith agat, a eisítear ón Rannóg Seirbhísí Corparáideacha in achan Ionad Seirbhísí Pobail nó ón Chomhairle Baile chuí.
- Caithfidh an ceadúnas fruilchairr a bheith bailí ar lá eisithe na mótarchánach, agus caithfidh an uimhir chlárúcháin a bheith ar an cheadúnas.
- Caithfear an fhoirm Athnuachana Cánach a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille chuí.
Tabhair faoi deara go gcaithfear Tástáil Náisiúnta Gluaisteáin reatha a bheith ag Fruilcharranna agus ag Tacsaithe sula n-eiseofar an Ceadúnas cuí Tacsaí/Fruilchairr.
Cáin Bhóthair a chur ar Fheithicil Sheanré
- Rangaítear feithicil mar fheithicil sheanré nuair atá 30 bliain imithe thart ó dháta a déanta.
- Mura bhfuil na doiciméid chuí chlárúcháin ag úinéir na feithicle, ag taispeáint go soiléir dáta a déanta agus mura bhfuil an Oifig Mótarchánach in ann mionsonraí ábhartha ar bith a aimsiú ar an Ríomh-Chomhad Náisiúnta Feithiclí, beidh ar an úinéir deimhniú a fháil i scríbhinn ón déantúsóir ar pháipéarachas sainchlóite.
- Murar féidir seo a dhéanamh, caithfear an fheithicil a athchlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim agus uimhir úr chlárúcháin a fháil
- Caithfear an fhoirm athnuachana cánach a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille chuí.
Cáin bhóthair a chur ar Fheithicil Oileánda
- Le cáin bhóthair a chur ar Fheithicil Oileánda caithfidh an t-úinéir deimhniú feithicle oileánda a fháil, deimhnithe ag an Stáisiún Gardaí is cóngaraí don oileán atá i gceist. Níl cead feithiclí oileánda a úsáid ar tír mór, agus má úsáidtear iad ar tír mór ba chóir cáin ag an ráta cuí príobháideach a íoc.
- Caithfear an fhoirm athnuachana cánach a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.
- Táille chuí.
Cáin Bhóthair ar Leantóirí / Clárú Leantóirí
Cláraítear gach leantóir sna hOifigí Mótarchánach agus ní leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tosaíonn Leantóirí a chláraítear i nDún na nGall leis na litreacha DF.
Foirmeacha a úsáidtear:
Foirm TF100 – úsáidtear le leantóirí/leathleantóirí a chlárú agus a cheadúnú.
Foirm TF300 – deimhniú aitheantais meáchain do leantóir/leathleantóir Ba chóir don déantúsóir/tiomsaitheoir nó gníomhaire údaraithe dá chuid an deimhniú a líonadh agus a stampáil. Murar féidir seo a dhéanamh (ba chóir na cúiseanna a thabhairt ar an fhoirm) ba chóir don iarratasóir an deimhniú a líonadh agus an dearbhú a shíniú.
Tá CRWanna de dhíth fá choinne leantóirí/leathleantóirí, atá ceadúnaithe sa tír seo le bliain amháin.
Is é €60 an táille le leantóir a chlárú don chéad uair. Tá deireadh leis an táille ar athnuachan ceadúnais leantóra ó thréimhsí ar nó i ndiaidh 1 Aibreán 2001 faoi na Rialacháin Tráchta Bóthair (Ceadúnú Leantóirí agus Leathleantóirí (Leasú), 2001. Tá gá go fóill, de réir an dlí, leis an cheadúnas leantóra a athnuachan, chomh maith le deimhniú bailí ródacmhainneachta a chur isteach fá choinne an leantóra, cé nach bhfuil táille ar bith i gceist.
Foirm TF200 – úsáidtear maidir le hathrú úinéireachta.
Ceadúnas Leantóra a Athnuachan
Doiciméid a chaithfidh a bheith leis an fhoirm:
- Cárta Ceadúnais Leantóra
- CRW reatha nó Dearbhú Pais ó thástálaí údaraithe.
- Táille (más cuí)
Cáin Bhóthair a chur ar Quad
- Má tá barra tarraingthe air – rangaítear mar tharracóir tarlaithe ginearálta é
- Gan bharra tarraingthe – cuirtear cáin air mar fheithicil phríobháideach de réir cc an innill.
- Táille Chuí.
- Caithfear an fhoirm Athnuachana Cánach RF100A a líonadh go hiomlán & a shíniú, agus a chinntiú go bhfuil na mionsonraí árachais curtha isteach.