Athruithe Tábhachtacha maidir le hIarratais Phleanála
Mar gheall ar Thuairisc an Choiste um Theorainnacha na dToghcheantar 2008 beidh athruithe ar na Toghranna Ceantair i nDún na nGall, a bheas á laghdú ó sé cinn go dtí cúig cinn.
D'fhéadfadh impleachtaí a bheith aige seo maidir le fógraí agus líonadh foirmeacha a théann le hiarratas pleanála ón 5 Meitheamh 2009.
Le cuidiú le hiarratasóirí a oibriú amach cén Toghcheantar ceart atá i gceist, tá liosta de na bailte fearainn curtha i dtoll a chéile ag an Chomhairle, i gcomhar leis an bhaile poist cuí, dúiche áirimh (TRC) agus Toghcheantar. Tá sé seo ar fáil fríd an Innéacs Bailte Fearainn/TRC liostaithe thíos.