Fiosrúchán Réamhphleanála

Foráltar san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 do chomhairliúchán réamhiarratais. Is féidir le lucht fiosraithe coinne a shocrú le haghaidh comhairliúcháin san Ionad Seirbhíse Pobail áitiúil. Reáchtálfar clinicí pleanála ag na hamanna thíos d’fhonn freastal do chomhairliúchán dá leithéid.


Toghcheantar na nGleannta: Ar maidin, an chéad Mháirt den mhí

Toghcheantar Bhaile na nGallóglach: Ar maidin, an chéad Mháirt den mhí

Toghcheantar Inis Eoghain: Ar maidin, an Chéadaoin deiridh den mhí

Toghcheantar Leitir Ceanainn: Tráthnóna, an Chéadaoin deiridh den mhí

Toghcheantar Dhún na nGall: Ar maidin, an dara Máirt den mhí

Toghrainn Shraith an Urláir: Ar maidin, an tríú Máirt den mhí

 

Sula socraítear coinne, ní mór an t-eolas seo a leanas a chur faoi bhráid an Ionaid Seirbhíse Pobail i scríbhinn.


Ginearálta

  1. Ainm & seoladh an iarratasóra.
  2. Cineál na forbraíochta a bheartaítear.
  3. Suíomh na forbraíochta beartaithe [arna thabhairt go cruinn trí thagairt do léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis]
  4. Liosta na ndaoine a shíltear a fhreastalóidh ar an gcomhairliúchán réamhphleanála.

Liosta Seiceála

  1. An bhfuil mapaí, leagan amach agus grianghraif maidir leis an togra á gcur i láthair? Ba cheart an suíomh a léiriú ar bhonn na Suirbhéireachta Ordanáis.
  2. Liostaítear na sonraí ábhartha maidir leis an suíomh (e.g. aicme tírdhreacha; na háitribh chríochantachta; iarsma seandálaíochta etc.)
  3. Liostaítear na beartais/aidhmeanna sa phlean forbartha a bhaineann leis an togra (e.g. an Beartas Títhíochta Tuaithe, Tithíocht Ilaonid le pointí rialála).
  4. Liostaítear na nithe ar mhaith leis na hiarratasóirí / gníomhairí soiléiriú ina leith maidir leis na polasaithe/aidhmeanna thuas (e.g. tionchar ar phríobháideacht an áitribh béal dorais nó suíomh os a chionn).

Is fiú a lua le lucht fiosrúcháin go bhfuil eolas mionsonraithe faoi chuid mhaith de na gnéithe sin thuas ar fáil ar líne tríd an deis Gplan ar shuíomh idirlín na Comhairle ag http://www.donegal.ie/dcc/gplan/ a bhreathnú. Tar éis Gplan a bhreathnú, b’fhéidir go sílfeadh iarratasóir ionchais nach bhfuil aon ghá dul ar aghaidh le cruinniú comhairliúcháin. Sa chás gur gá cruinniú, is féidir an uimhir thagartha ar leith a thugann an córas Gplan a lua in áit cur faoi bhráid cuimsitheach. Nuair is cuí sin, ba cheart líníochtaí a chur ar áil roimh ré.
NÍ THUGTAR CUAIRT AR SHUÍOMHANNA I GCÁS FHIOSRÚCHÁIN RÉAMHPHLEANÁLA MAIDIR LE TEACH AONAIR.

NÍ CHUIRTEAR COMHAIRLIÚCHÁN RÉAMHPHLEANÁLA AR FÁIL I GCÁS INA BHFUIL AN SUÍOMH Á CHUR AR CEANT AGUS DAOINE IN ANN LEAS A BHAINT AS G PLAN.