Ceisteanna Coiteanta

 

 

Cáin a Fháil do d’Fheithicil

  • Cad iad na huaireanta oscailte?
    Bíonn gach cuntar de chuid na nOifigí Mótarchánach oscailte don phobal ó 9.15rn go dtí 12.15in agus ó 1.15in go dtí 3.00in.
  • Cá mhéad a chosnaíonn sé cáin a fháil do m’fheithicil?
    Íoctar Mótarcháin ar fheithiclí príobháideacha de réir thoilleadh ciúbach an innill. Íoctar Mótarcháin ar fheithicil thráchtála/earraí de réir mheáchan neamhualaithe na feithicle. Íoctar cáin ar bhusanna de réir cóir suí. Thig leat cáin a íoc go ceann trí mhí, sé mhí nó go ceann bliana. Téann dioscaí cánach as feidhm ar an lá deireanach den mhí.
    Déan tagairt do rátaí dleachta.
  • An dtig liom cáin a fháil do m’fheithicil ar an ghuthán?
    Ní féidir go fóill cáin a fháil ar an ghuthán.
  • Más rud é nach bhfuarthas cáin do m’fheithicil go dtí an tseachtain dheireanach sa mhí, cén fáth a gcaithfidh me íoc as an mhí iomlán?
    Eisítear dioscaí cánach ón chéad lá den mhí áirithe inar úsáideadh an fheithicil in áit phoiblí. Más rud é nár úsáideadh an fheithicil ar bhóthar poiblí go dtí tús na míosa ina dhiaidh sin caithfidh an t-úinéir cláraithe foirm iarratais chánach a líonadh agus d’fhéadfaí an dearbhú neamh-úsáide a bheith fianaithe agus stampáilte ag stáisiún Gardaí.
  • An dtig liom an cháin a shiardhátú in ionad riaráiste a íoc?
    Ní thig, caithfear gach diosca cánach a eisiúint ón chéad lá den mhí reatha. Tá seacht lá breise ag gach iarratasóir sa mhí ina dhiaidh le cáin a fháil d’fheithicil ón mhí roimhe sin. Nuair a bhíonn na seacht lá istigh, bíonn riaráiste le híoc.
  • Cad é mar a dhéantar riaráiste níos faide ná mí amháin a oibriú amach?
    Socraítear riaráiste níos faide ná mí amháin tríd an ráta riaráiste do mhí amháin a iolrú faoi líon na míonna atá i gceist agus neamhaird a thabhairt ar an cent sa toradh.
  • An dtig liom diosca sealadach a fháil go dtí go ndéanfar ródacmhainneacht na feithicle a thástáil?
    Ní eisítear dioscaí sealadacha níos mó. Déanann na hionaid tástála scrúdú ródacmhainneachta anois gan diosca cánach reatha a bheith ar an fheithicil.
  • Má dhíolaim mo charr agus má bhíonn roinnt míonna fágtha ar an diosca an dtig liom an diosca a aistriú go dtí mo charr úr?
    Ní thig, fanann an diosca ag an fheithicil. Tá dioscaí cánach neamh-inaistrithe.
  • Cén áit a dtig liom coinneálaí a fháil don diosca Cánach/TNG/Árachais?
    D’fhéadfá coinneálaithe a fháil ó do chomhlacht árachais nó ón gharáiste inar cheannaigh tú an fheithicil. Nó thig iad a cheannach in aon siopa oiriúintí cairr.
  • Cad é an dóigh le híoc?
    Thig leat íoc trí airgead tirim (ach chan tríd an phost), seic (chan tríú páirtí), ordú airgid/ordú poist, dréacht bainc nó cárta creidmheasa (caithfidh an custaiméir a bheith i láthair i gcás cártaí léasair & dá bhrí sin ní ghlactar leo tríd an phost).
    Ba chóir gach íocaíocht a dhéanamh le Comhairle Chontae Dhún na nGall. Dáta – chan níos mó ná 6 mhí. Bí cinnte go sínítear seiceanna agus go gcuireann tú do thúslitreacha le haon athrú a dhéantar ar sheiceanna.
  • Cén fáth a gcaithfidh mé táille bhreise a íoc leis an oifig Mótarchánach as an teastas ródacmhainneachta i ndiaidh dom íoc as tástáil na feithicle cheana féin?
    Go dtí seo, íoctar an táille bhreise le costais riaracháin a chlúdach. Tá cainteanna ar siúl idir an Roinn Comhshaoil agus an Roinn Iompair le feiceáil an féidir fáil réidh leis an ghá atá ann ráiteas pas a thabhairt isteach don Oifig Mótarchánach agus go díreach an ráiteas pas a úsáid, mar go bhfuil an dá dhoiciméad an-chosúil lena chéile.
  • An gcaithfidh mé mo dheimhniú árachais a chur isteach nuair atá mé ag fáil cánach don charr?
    Ón am a tháinig an córas Mótarchánach ar an idirlíon, cuireadh deireadh leis an ghá a bhí ann do dheimhniú árachais a thaispeáint. Caithfidh iarratasóirí sonraí an árachais a thabhairt ar an fhoirm iarratais (ainm an chomhlachta árachais, uimhir pholasaí agus dáta éaga) agus caithfidh an t-úinéir cláraithe an fhoirm a líonadh ina hiomláine agus í a shíniú. Diúltófar aon iarratas cánach a gheofar gan síniú an úinéara chláraithe air.
    Ba chóir d’úinéirí feithicle a chinntiú, ar ndóigh, go bhfuil árachas cuí ar an fheithicil i dtólamh agus go gclúdaíonn an t-árachas an úsáid a bhaintear as an fheithicil m.s. tráchtáil/cíos nó luaíocht srl
  • Cén uair a chaithfidh mé scrúdú ródacmhainneachta nó TNG a fháil don fheithicil?
    Caithfear scrúdú ródacmhainneachta a chur ar gach feithicil thráchtála/ FSP mhór, otharcharr nuair a shroicheann siad bliain d’aois. Bíonn teastais ródacmhainneachta bailí go ceann bliana.
    Ó 01.01.02 tá TNG de dhíth ar gach carr atá os cionn ceithre bliana d’aois nó níos sine. Beidh an tástáil dlite ar chothrom an lae ó chéadchláraíodh an fheithicil in Éirinn nó thar lear, cibé acu is luaithe. Nuair a éiríonn leis an fheithicil sa TNG bíonn an teastas bailí go ceann dhá bhliain. Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil leis an tSeirbhís TNG, Baile Átha Cliath 1890 412,413. Níl ga le TNG san am i láthair maidir le veaineanna beaga a bhfuil cáin phríobháideach a fáil dóibh.
  • An bhfuil TNG reatha de dhíth ar m’fheithicil le cáin a fháil?
    San am i láthair ní chaithfidh Oifigí Mótarchánach an teastas TNG a fheiceáil sula dtugtar cáin don fheithicil ach caithfidh TNG reatha a bheith ag gach úinéir nuair a bhíonn an fheithicil os cionn ceithre bliana d’aois.

 

Mótarcháin Ar Líne

  • Cad iad na cineálacha feithicle a dtig cáin a íoc orthu ar an suíomh seo?
    Is féidir cáin a íoc ar líne ar charranna príobháideacha, ar ghluaisrothair agus ar fheithiclí curtha in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas.
  • Cad chuige nach dtig liom cáin a íoc ar fheithicil tráchtála ar líne?
    San am i láthair níl aon áis ann le sonraí ródacmhainneachta maidir le feithiclí tráchtála a chur isteach ar an chóras ar líne.
  • Cad é atá de dhíth orm le cáin a íoc ar m’fheithicil ar líne?
    Beidh na rudaí seo a leanas de dhíth ort:
    Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP) agus d’uimhir chlárúcháin feithicle le go mbeifeá in ann dul isteach sa tseirbhís. Sonraí árachais d’fheithicle (ainm an árachóra, uimhir an pholasaí agus dáta éaga). Sonraí do chárta íocaíochta (Laser, Visa nó MasterCard).
  • Cá háit a dtig liom UAP a fháil?
    I gcás feithiclí atá incháilithe beidh an UAP priontáilte ar thaobh na láimhe deise den fhoirm athnuachana/mheabhrúcháin RF100B. Coinnigh an fhoirm RF100B go cúramach – ar chúrsaí slándála ní féidir an uimhir UAP seo a eisiúint ar an ghuthán nó trí ríomhphost. Má iontrálann tú uimhir chlárúcháin d’fheithicle agus do UAP beidh tú in ann dul isteach sa tSeirbhís Mótarchánach ar líne do d’fheithicil.
  • An mbainim úsáid as an UAP chéanna gach uair a íocaim an cháin ar m’fheithicil ar líne?
    Ní bhaineann. Déanfar UAP úr a eisiúint le gach fógra athnuachana/meabhrúcháin mótarchánach. Thig leat, áfach, an UAP atá bainteach le beart mótarchánach a athúsáid más mian leat féachaint cén dóigh a bhfuil eisiúint dhiosca cánach nua ag dul chun cinn.
  • Cé chomh fada i ndiaidh an dáta athnuachana a bheidh mé in ann cáin a íoc ar m’fheithicil ar líne?
    Beidh riaráistí mótarchánach le híoc ar d’fheithicil mí amháin i ndiaidh do dháta athnuachana. Ní féidir na riaráistí amháin a íoc ar an suíomh seo – caithfear méid na hathnuachana a íoc chomh maith. Ligeann an suíomh duit riaráistí trí mhí ar a mhéad a íoc, ach rachaidh do UAP as feidhm ina dhiaidh sin agus beidh ort do cháin bhóthair a íoc i d’oifig mótarchánach áitiúil. Má tharlaíonn sin caithfidh úinéirí foirm RF100A a líonadh agus a sheoladh chuig d’oifig mótarchánach áitiúil.
  • Cad é a bheidh orm a dhéanamh agus mé ag íoc cáin bhóthair ar líne?
    Iarrfar ort:
    Sonraí d’fheithicle a dhearbhú, d’ainm agus do sheoladh a dhearbhú (thig leat athrú ar do sheoladh a chur in iúl dúinn má chríochnaíonn tú an íocaíocht). Sonraí árachais d’fheithicle a thabhairt. An tréimhse chánach a roghnú. Do shonraí cárta a thabhairt le go dtig leat an íocaíocht a dhéanamh.
  • An dtig liom úinéireacht m’fheithicle a athrú ar an suíomh seo?
    Ní thig san am i láthair.
  • Cén dóigh a bhfaighfidh mé mo dhiosca cánach?
    Eiseofar do dhiosca canach tríd an phost taobh istigh de cheithre lá oibre. Mura bhfaighfidh tú do dhiosca, nó má bhíonn ceisteanna eile agat faoin bheart seo, cuir scairt ar dheasc cabhrach na Mótarchánach ar Líne ag 1890 411,412 nó ríomhphost motortax@environ.ie ag tabhairt na huimhreach tagartha atá le feiceáil ar an leathanach a dhearbhaíonn an íocaíocht. Thig leat féachaint cén dóigh a bhfuil d’iarratas ar dhiosca cánach ag dul ar aghaidh tríd an nasc lean eisiúint dhiosca a chliceáil ar an leathanach baile. Beidh ort d’uimhir chlárúcháin feithicle agus UAP a chur isteach.
  • Cén brabhsálaí atá de dhíth orm leis an suíomh seo a fheiceáil?
    Tá an suíomh seo curtha i mór-oiriúint fá choinne Netscape 4 agus os a chionn, nó Microsoft Internet Explorer Version 5 agus os a chionn. Thig leat na leaganacha is déanaí de na brabhsálaithe coitianta sin a íosluchtú ó shuímh idirlín Netscape nó Microsoft.
  • Cad é mar a thig liom a bheith cinnte go bhfuil mo shonraí Laser nó cárta creidmheasa sábháilte?
    Le sonraí do chárta creidmheasa nó Laser a choinneáil sábháilte nuair a dhéanann tú do cháin bhóthair a athnuachan ar an suíomh seo, úsáidimid an teicneolaíocht ar a dtugtar Sraith Soicéad Slán (SSL). Ní choinnítear faisnéis do chárta Léasair nó do chárta creidmheasa ar an suíomh seo; ach go ndéantar aistriú slán air go Realex Payments, soláthraí íocaíochtaí sábháilte ar líne. Le eolas a fháil ar shlándáil agus phríobháideacht ar an suíomh seo, féach ár ráiteas Príobháideachta agus Slándála, le do thoil.
  • Cad é an tseiceáil slándála pasfhocail do chártaí creidmheasa?
    Is tionscnamh nua de chuid Visa agus MasterCard í an tseiceái pasfhocail a fheabhsaíonn slándáil na n-idirbheart ar líne a dhéantar le cártaí creidmheasa. Is í aidhm na gné slándála seo ná duine i seilbh do mhionsonraí cárta creidmheasa a chosc óna n-úsáid ar shuíomh idirlín a chuireann an tseiceáil pasfhocail i bhfeidhm. Tugann Visa an branda “Verified by Visa” ar an tseirbhís, agus tugann MasterCard an branda “SecureCode” uirthi. D’fhéadfaí rogha a thabhairt do chustaiméirí pasfhocal a shocrú dá gcártaí creidmheasa tríd an bhanc a d’eisigh an cárta. Ansin, nuair a úsáidtear an cárta creidmheasa ar shuíomh idirlín ar nós Mótarcháin ar Líne a chuireann an tseirbhís i bhfeidhm, athdhíreofar an custaiméir ar feadh tamaill go dtí suíomh idirlín a bhainc leis an phasfhocal sin a chur isteach. Caithfear an pasfhocal ceart a thabhairt leis an idirbheart a chríochnú leis an chárta. Custaiméirí nach bhfuil an cárta creidmheasa s’acu cláraithe don tseirbhís seo, ní bheith orthu an tseiceáil slándála pasfhocail a dhéanamh.

    Tabhair faoi deara nach ionann an tseirbhís seo agus Chip agus PIN agus go bhfuil ar an chustaiméir pasfhocal difriúil atá bunaithe ar charachtair a chur isteach. Tá tuilleadh eolais faoin tseirbhís seo ar fáil ar shuímh idirlín de chuid Visa agus MasterCard. Le fáil amach an bhfuil an tseirbhís seo ar fáil duitse, téigh i dteagmháil leis an bhanc a d’eisigh do chárta creidmheasa, le do thoil.

 

Ceadúnú Tiománaithe

  • An dtig liom mo cheadúnas a fháil thar an chuntar?
    Ní thig, faoi Rialachán Ceadúnaithe Tiománaithe caithfear gach ceadúnas a eisítear in Oifigí Mótarchánach a sheoladh amach chuig an tiománaí. Ceadúnas ar bith a ghlactar isteach ag an chuntar poiblí is iondúil go gcuirtear amach ar an lá oibre dár gcionn iad.
  • An dtig liom foirm iarratais ar cheadúnas tiomána a íosluchtú ón idirlíon?
    Ní thig, tá greamán le baint den fhoirm agus dá bhrí sin ní féidir í a íosluchtú.
  • Cén uair a tháinig an Tástáil Teoirice isteach?
    Tháinig seo i bhfeidhm ar an 25 Aibreán 2001. Aon iarratas ar an chéad Cheadúnas Tiomána ón dáta sin, caithfear Deimhniú Tástála Teoirice bailí a bheith leis. Tá eisceacht ón rialachán seo sa chás go bhfuil, nó go raibh le cúig bliana anuas, catagóir a mheastar a bheith níos “Airde” ag an iarratasóir m.s. Iarratasóir ag cur isteach ar cheadúnas A1 ach go bhfuil, nó go raibh le cúig bliana anuas, ceadúnas A aige/aici.
  • An gcaithfidh mé Comhartha Aitheantais a chur isteach le hiarratas ar cheadúnas sealadach nuair atá deimhniú tástála teoirice á chur isteach agam cibé ar bith?
    Caithfidh, don chéad iarratas ar cheadúnas tiomána sealadach caithfidh tú teastas breithe/baiste nó pas a chur isteach. I gcás neamhnáisiúnach tá gá le deimhniú clárúcháin mura bhfuil pas ar fáil.
  • An féidir deimhniú teoirice ó Thuaisceart Éireann nó ó Shasana a úsáid?
    Eisítear Deimhnithe Teoirice de réir na rialachán Tráchta a bhaineann leis an dlinse sin; mar sin de, is deimhnithe a eisítear i bPoblacht na hÉireann amháin atá inghlactha.
  • Cén uair a bheas an Ceadúnas Tiomána ar Chárta ag teacht i bhfeidhm?
    Tá ceadúnas tiomána úr i stíl an chárta chreidmheasa á mheas san am i láthair. Táthar ag súil go mbeidh an cárta tiomána i bhfad níos lú agus níos fusa le hiompar ná mar atá an ceadúnas reatha. Beidh grianghraf, síniú an tiománaí agus uimhir an tiománaí air chomh maith le gnéithe breise slándála. Go dtí seo níl sé socraithe cén dáta a bheidh an cárta tiomána ag teacht i bhfeidhm.
  • Cá fhad a chaithfidh Ceadúnas Sealadach a bheith as feidhm le go mbeidh ar dhuine pilleadh ar an chéad cheadúnas sealadach?
    Tá suas le cúig bliana agat leis an cheadúnas sealadach a athnuachan. I ndiaidh an ama seo téann an t-iarratasóir ar ais ar an chéad cheadúnas sealadach. Má bhí ceadúnas sealadach ag an iarratasóir i gcatagóir dhifriúil, ní bhaineann sé leis seo. Caithfear gur sa chatagóir a bhfuil iarratas á dhéanamh uirthi a raibh ceadúnas ag an iarratasóir.
  • An dtig le hiarratasóir cur isteach ar cheadúnas sealadach i gcatagóir níos airde mura bhfuil láncheadúnas B de chuid na hÉireann aige/aici?
    Thig, más amhlaidh gur eisíodh an láncheadúnas B i dtír ar bith eile a mbímid ag malartú leo. Nuair a éiríonn le hiarratasóir sa scrúdú tiomána sa chatagóir níos airde, caithfidh sé a cheadúnas eachtrach B a mhalartú agus ba chóir ceadúnas úr a eisiúint leis an dá chatagóir air.
  • Cá fhad a chaithfidh láncheadúnas a bheith as feidhm sula bpilleann an t-iarratasóir ar cheadúnas Sealadach?
    Tá suas le 10 mbliana ag iarratasóir leis an Láncheadúnas Tiomána a athnuachan. I ndiaidh an ama seo, caithfidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh ar an chéad cheadúnas sealadach.
  • Cá fhad a thig le hiarratasóir fanacht le catagóirí níos airde a chur ar ais arís trí Fhoirm D501 ar thuairisc shláinte a úsáid?
    Mar an gcéanna le láncheadúnas a athnuachan, tá suas le 10 mbliana ag iarratasóir leis na catagóirí níos airde a éileamh arís. Más amhlaidh, i ndiaidh na tréimhse seo, go socraíonn an t-iarratasóir gur mhaith leis/léi iad, caithfidh sé/sí iarratas a chur isteach ar an chéad cheadúnas sealadach sna catagóirí atá aige/aici cheana féin.
  • An dtig le héinne cur isteach ar láncheadúnas bliana nó an bhfuil sé seo teoranta dóibh siúd atá os cionn 70 ar chúiseanna sláinte?
    Tá seo teoranta d’aon duine nach gclúdaíonn an tuairisc shláinte é/í ach go ceann bliana, bíodh siad os cionn 70 nó ná bíodh. Is iondúil, áfach, go mbíonn siad os cionn 70.
    Nuair atá mé ag cur catagóra breise cad chuige nach dtig liom mo sheancheadúnas a chur isteach, a bhfuil am fágtha air go fóill, agus íoc as ceadúnas úr deich/trí bliana.
    Níl aon áis ar an chóras ríomhaireachta san am i láthair le seo a cheadú, agus mar sin eiseofar ceadúnas saor-in-ionad ar a mbeidh an chatagóir bhreise.

    Tá láncheadúnas ag duine ar feadh 10 mbliana i gcatagóir B. Tá bliain amháin istigh agus éiríonn leis/léi sa scrúdú i gcatagóir C, agus eisímid ceadúnas saor-in-ionad leis an chatagóir úr a chur leis.
    Cuirtear catagóir C leis, an gcuirtear catagóir C1 dá dhroim sin?
    Cuirtear, cuirtear catagóir C1 go huathoibríoch. Níl ann ach fo-chatagóir de cuid C
  • Má tá tuairisc shláinte ag duine a thugann clúdach 10 mbliana dó/di – an dtagann deireadh leis an chatagóir C nuair a thagann deireadh leis an chatagóir B nó an mbaineann sé le dáta na tuairisce sláinte?
    Baineann catagóir C le dáta éaga na tuairisce sláinte.
  • Cén ceadúnas atá de dhíth orm le leantóir a tharraingt?
    Tá an Roinn Iompair i ndiaidh meáchan ar leith a lua don leantóir m.s. thig le duine a bhfuil ceadúnas catagóir B aige/aici (carr) leantóir suas le 750kg DGVW a tharraingt gan ceadúnas a fháil do chatagóir EB a fhad agus nach dtéann comh-mheáchan an chairr agus an leantóra thar 3500kg DGVW.
    Thig leat cur isteach ar cheadúnas sealadach i gcatógóirí EB, EC1, EC, ED, ED1 i ndiaidh duit ceadúnas tiomána a fháil don fheithicil tharraingthe chuí m.s. caithfear ceadúnas tiomána do chatagóir C a bheith agat le cur isteach ar EC agus ar chríochnú na Tástála Teoirice Tiomána sna catagóirí ábhartha.
  • Cad chuig nach dtig liom ceadúnas a bheith agam ó Thuaisceart Éireann agus Phoblacht na hÉireann?
    Faoi rialacháin de chuid an AE, tá lánaitheantas ag gach ceadúnas AE insan AE, agus mar sin de, ní féidir ach ceadúnas amháin de chuid an AE a bheith agat ag an aon am amháin.

    Bíonn dhá fheithicil á dtiomáint agam ach de réir an dlí caithfidh mé mo cheadúnas a bheith i mo sheilbh agam. An dtig liom leagan dúblála a fháil agus ceadúnas a choinneáil i ngach feithicil?
    Ní féidir seo a dhéanamh, mar a luaithe agus a eisítear athcheadúnas/ceadúnas dúblála bíonn an bhunchóip neamhbhailí.

Restricted “A” Category Questions

  • When did the restricted “A” licences come in?
    This category was introduced on 15th November 1999. Any person applying for a 1st Provisional Licence since this date is restricted to a 25kw (up to 350cc) motor bike on all Provisional Licences and on their Full Licence for 2 years. This restriction was introduced due to increasing numbers of motor bike road accidents. The Department of Transport brought in this restriction to ensure that Motor Cyclists had sufficient driving experience on a smaller motor bike before using the bigger more powerful motor bikes.

    ‘Category A, motorbike on the licence, restricted to 25kw (up to 350cc).
  • What exactly does this mean?
    This means that if a person got their first provisional licence for category A after 15/11/1999 they will be restricted to a 25kw (up to 350cc) bike. This restriction will apply until two years from date full licence is issued for category A.
  • Is this restriction on the full or provisional licence?
    As noted above, this restriction applies to both Provisional & Full Licences.
  • How is the restriction shown on licence – is there a code to show restriction?
    At the top of the licence there is one line for A1 but two for A. If there is a restriction, dates will appear in the first A line. If the category is not restricted only the second A line will have dates printed on it.

Ceisteanna a bhaineann le Catagóir “A” Teoranta 

  • Cén uair a tháinig na ceadúnais “A” teoranta i bhfeidhm?
    Tugadh an chatagóir seo isteach ar an 15 Samhain 1999. Aon duine a chuireann isteach ar an chéad cheadúnas sealadach ón dáta seo tá sé teoranta do ghluaisrothar 25kw (suas go dtí 350cc) ar gach Ceadúnas Sealadach agus ar a Láncheadúnas go ceann dhá bhliain. Tugadh isteach an srian seo mar gheall ar an mhéadú ar líon na dtimpistí bóthair ar ghluaisrothair. Thug an Roinn Iompair an srian seo isteach lena chinntiú go mbeadh go leor taithí thiomána ag Gluaisrothaithe ar ghluaisrothar níos lú sula mbeadh siad ag úsáid na ngluaisrothar níos mó agus níos cumhachtaí.
    ‘Catagóir A, gluaisrothar ar an cheadúnas, teoranta do 25kw (suas go dtí 350cc).
  • Cad é go díreach is ciall leis seo?
    Is é is ciall leis seo má fuair duine a chéad cheadúnas sealadach do chatagóir A i ndiaidh 15.11.1999 beidh siad teoranta do ghluaisrothar 25kw (suas go dtí 350cc). Beidh an srian seo i bhfeidhm go ceann dhá bhliain ón dáta a eisítear an láncheadúnas do chatagóir A.
  • An bhfuil an srian seo ar an láncheadúnas nó ar an cheadúnas sealadach?
    Mar a dúradh thuas, baineann an srian seo le Ceadúnais Shealadacha agus Láncheadúnais araon.
  • Cad é mar a thaispeántar an srian ar an cheadúnas – an bhfuil cód leis an srian a thaispeáint?
    Ag barr an cheadúnais tá dhá líne fá choinne A1 ach dhá líne fá choinne A2. Má tá srian i gceist, beidh dátaí le feiceáil ar an chéad líne A. Mura bhfuil an chatagóir srianta, is ar an dara líne A amháin a bheas dátaí priontáilte.

Ceisteanna maidir le Ceadúnas Tiomána a Mhalartú

  • Cad é a tharlaíonn do cheadúnais eachtracha nuair a mhalartaítear iad?
    Cuirtear an ceadúnas go dtí an Roinn Iompair, Béal an Átha, a chuireann ar aghaidh go dtí an t-údarás eisithe é m.s. Swansea i gcás ceadúnas Sasanach.
  • An dtig le duine a bhfuil ceadúnas eachtrach aige/aici tiomáint in Éirinn?
    Thig le duine tiomáint ar cheadúnas de chuid an AE i rith ré saoil an cheadúnais. Thig leo tiomáint ar cheadúnas ó “Stát Aitheanta” nó ó aon tír eile go ceann bliana ón dáta a tháinig siad a chónaí in Éirinn. I ndiaidh na tréimhse seo ba chóir dóibh a gceadúnas a mhalartú do cheadúnas Éireannach nó cur isteach ar Cheadúnas Sealadach.
  • An dtig le duine a bhfuil ceadúnas eachtrach aige/aici catagóirí na bhfeithiclí atá ar an cheadúnas sin a thiomáin in Éirinn agus cá fhad a thig seo a dhéanamh sula gcaithfear é a mhalartú?
    Thig le duine a bhfuil ceadúnas de chuid an AE aige/aici a bheith ag tiomáint leis an cheadúnas sin go dtí go rachaidh sé as feidhm. Duine ar bith a bhfuil ceadúnas aige/aici ó aon tír eile a bhfuil socrú malartaithe againn leo, is féidir leo a gceadúnas a choinneáil go ceann 12 mhí.
  • Cad chuige nach dtig liom ceadúnas de chuid SAM a mhalartú?
    Ní féidir ceadúnais de chuid SAM a mhalartú san am i láthair, mar nach bhfuil aon chomhaontú idir an Roinn Iompair agus na hÚdaráis Cheadúnaithe i Meiriceá.
  • An dtig liom ceadúnas sealadach as tír eile a mhalartú?
    Tabhair faoi deara nach féidir ceadúnas sealadach ná deimhniú inniúlachta as tír eile a chur isteach le malartú. Caithfear an ceadúnas a bheith tiontaithe ina láncheadúnas sa tír áirithe sin roimh ré.
    Níl bailíocht ar bith le ceadúnais shealadacha ach amháin sa dlínse ina n-eisítear iad.
  • Tá pointí pionóis ar mo cheadúnas Thuaisceart Éireann/RA; an ndéanfar iad a aistriú go dtí an ceadúnas de chuid Phoblacht na hÉireann má dhéanaim é a mhalartú?
    Ní dhéantar pointí pionóis ar cheadúnais Thuaisceart Éireann/RA a aistriú go dtí ceadúnais Phoblacht na hÉireann nuair a dhéantar malartú. Ach má tá tú dícháilithe ó bheith ag tiomáint i dTuaisceart Éireann ní thig leat féachaint leis an Cheadúnas a mhalartú i bPoblacht na hÉireann, mar ba chóir go dtabharfaí an ceadúnas isteach do na Cúirteanna lena choinneáil.

Ceisteanna A Bhaineann Le Tuairisc Shláinte

  • Cad chuige a gcaithfidh mé tuairisc shláinte a chur isteach?
    Tá tuairiscí sláinte de dhíth má tá tú os cionn 70 bliain d’aois nó má tá aon tinneas nó aon mhíchumas le dearbhú agat nó má tá catagóirí agat nach catagóirí A, B, EB, M, W iad. Níl tuairiscí sláinte de dhíth má tá tú ag dearbhú go bhfuil ort lionsaí ceartaitheacha nó áis éisteachta a chaitheamh agus tú ag tiomáint.

    Ceadúnas Sealadach do Chatagóir Níos Airde a Fháil – Riail 5 Bliana
    Má fhaigheann tú ceadúnas sealadach do chatagóir níos airde agus má tá tuairisc shláinte ar an chomhad, ní mór go bhfuarthas an tuairisc shláinte sa 5 bliana seo chuaigh thart agus caithfidh sé an rangú a chlúdach chomh maith leis an dá bhliain atá de dhíth don cheadúnas sealadach.

    Láncheadúnas a Athnuachan
    Caithfear Tuairisc Shláinte a chur le gach iarratas ar láncheadúnas a athnuachan.
  • An mbíonn an oifig mótarchánach ag brath ar thuairisc shláinte an dochtúra le cinneadh a dhéanamh maidir leis na catagóirí a bhronnfar nó ar na rudaí a thiceáil, nó nár thiceáil, an t-iarratasóir ar an fhoirm?
    Caithfidh na hoifigí Mótarchánach déanamh cloí lena mbíonn san fhoirm ar thuairisc shláinte.
  • Más amhlaidh nach bhfuil déanta ag an dochtúir ach an fhoirm a shíniú agus a stampáil agus nach bhfuil na catagóirí nó an tréimhse ama líonta aige/aici ar an fhoirm – cé air a bhfuil an fhreagracht dul i dteagmháil leis an dochtúir leis an eolas atá de dhíth a fháil, an mionairgeadóir um cheadúnais tiomána nó an t-iarratasóir?
    Is ar an iarratasóir a thiteann an fhreagracht dul ar ais chuig an dochtúir le go ndéanfaí an fhoirm a chríochnú, agus í a athstampáil lena thaispeáint go bhfuil athruithe déanta.
  • Cad é an deacracht atá le tuairisc shláinte a rinne dochtúir i dTuaisceart Éireann?
    Caithfear tuairiscí sláinte a líonadh ar Fhoirm D501 agus an Lia-Chleachtóir a bheith cláraithe faoi Acht Lia-Chleachtóirí na hÉireann.
  • Tá mé 64 bliain d’aois agus ag íoc €25.00 cad chuige nach dtig liom ceadúnas deich mbliana a fháil?
    Má tá tú os cionn 60 ach faoi 67 bliain d’aois ní thig leat ceadúnas tiomána a fháil ach amháin ceadúnas a rachaidh as feidhm nuair a shroichfidh tú 70 bliain d’aois. Nuair a shroichfidh tú 70 bliain d’aois ní dhéantar ceadúnas tiomána a eisiúint duit ach amháin ar chead do dhochtúra i ndiaidh foirm D501 ar thuairisc shláinte a líonadh. Is é an dochtúir a dhéanfaidh an cinneadh cé acu ceadúnas bliana nó 3 bliana a bhronnfar ort.

Ceisteanna a bhaineann le Dícháiliú/Formhuiniú

  • Cad é an rud é Formhuiniú?
    Is é atá i bhformhuiniú ná ordú a dhéanann breitheamh i gCúirt ag ordú go ndéanfaí sonraí ciona a fhormhuiniú ar cheadúnas tiomána.
  • Cá fhad a mhaireann formhuiniú?
    Maireann formhuiniú trí bliana agus ní thosaíonn sé go dtí dáta formhuinithe an cheadúnais. Caithfear an ceadúnas atá le formhuiniú a bheith i bhfeidhm agus leanúint de bheith i bhfeidhm le go leanfaí leis an fhormhuiniú. Má théann do cheadúnas as feidhm sula mbíonn na trí bliana istigh caithfear stampa a chur ar do chéad cheadúnas eile. Mura bhfuil ceadúnas agat ag an am ní féidir leis an fhormhuiniú toiseacht go dtí go bhfaighfidh tú ceadúnas.
  • An féidir fad an fhormhuinithe a laghdú?
    Ní féidir. Maireann gach formhuiniú go ceann trí bliana.
  • Má tá níos mó ná formhuiniú amháin agam an ritheann siad taobh le taobh?
    Ritheann, a fhad agus go bhfuil gach formhuiniú ar an cheadúnas stampáilte, agus go bhfuil an ceadúnas i bhfeidhm.
  • An dtig liom achomharc a dhéanamh in aghaidh mo fhormhuinithe?
    Ní thig. Thig leat achomharc a dhéanamh in aghaidh do chiontaithe, ach má chloítear leis an chiontú seasann an formhuiniú go fóill.
  • Má tá mé dícháilithe ó bheith ag tiomáint cad é a dhéanaimse?
    Má dhéantar tú a dhícháiliú ó bheith ag tiomáint caithfidh tú do Cheadúnas Tiomána a thabhairt isteach don Chúirt nó don Oifig Mótarchánach, Leifear.
  • Cén uair a thosaíonn an dícháiliú?
    Tosaíonn an dícháiliú 15 lá ón dáta a bhí tú os comhair na Cúirte, mura n-ordaíonn Breitheamh a mhalairt. Má dhéantar achomharc taobh istigh de 15 lá ó dháta na cúirte, bíonn an ciontú ar ceal go dtí go n-éistfear an t-achomharc.
  • Cad é a tharlaíonn do mo cheadúnas?
    Déanfar do cheadúnas a stampáil in Oifig na Cúirte Dúiche agus seolfar chuig an Oifig Mótarchánach chuí é (ónar eisíodh an ceadúnas) agus coinneoidh siad ar comhad é i rith tréimhse an dícháilithe. Bíonn formhuiniú uathoibríoch leis an dícháiliú, ag toiseacht ó dháta éaga an dícháilithe.
  • Má tá lancheadúnas agus ceadúnas sealadach agam san aon am amháin an gcaithfear an dá cheadúnas a thabhairt isteach do na Cúirteanna lena ndícháiliú / lena bhformhuiniú?
    Caithfear, caithfear gach ceadúnas bailí atá ag tiománaí ciontaithe a fhormhuiniú.