Bunchuspóir Chosaint Shibhialta
“Tacú leis na seirbhísí éigeandála agus tacaíocht a chur ar fáil don phobal tré Cosaint Shibhialta a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chothabháil mar eagraíocht dheonach éifeachtach”.
I láthair na huaire, cuireann Cosaint Shibhialta Dhún na nGall tacaíocht ar fáil do chorradh agus 70 imeachtaí pobail gach bliain, chomh maith le gníomhú mar sheirbhís iloilte 2ra líne do na príomhsheirbhísí éigeandálacha, i.e. An tSeirbhís Dóiteáin, an tÚdarás Áitiúil, An Garda Síochána, Feidhmeannas Sheirbhísí Sláinte an Iarthuaiscirt & Garda Cósta na hÉireann.
Tá Cosaint Shibhialta Dhún na nGall réamhghníomhach san am i láthair sna réimsí seo a leanas de thacaíocht éigeandála don phobal:
Traenáil ar fud an Chontae i bPleanáil do Mhór-Éigeandáil i gcomhpháirtíocht leis na hearnálacha ábhartha eile, i.e. an tÚdarás Áitiúil, an tSeirbhís Dóiteáin, An Garda Síochána, Feidhmeannas Sheirbhísí Sláinte an Iarthuaiscirt, Garda Cósta na hÉireann agus gníomhaireachtaí deonacha ábhartha eile.
Seirbhísí: Cuidíonn Cosaint Shibhialta leis an phobal áitiúil sna réimsí seo a leanas:
- Garchabhair / Taismeach
- Cuardach agus Tarrtháil
- Comhrac Dóiteáin Cúntach
- Teicnící Cadhcála / Bádóireachta
- Monatóireacht Radaíochta
- Cumarsáid Raidió
- Soláthar Leasa
- Síobhadh Sneachta
- Tinte Aitinn/Tuillte
- Rialú Tráchta
- Rialú/Maoirseacht Slua
Maoiniú
Faigheann Cosaint Shibialta 70% den mhaoiniú ón Roinn Cosanta agus 30% ón Údarás Áitiúil.
Ballraíocht Dheonach Ghníomhach
Ballraíocht Náisiúnta - 3,500
Dún na nGall - 109
Bainistíocht
Is é an tÚdarás Áitiúil atá freagrach as cur ar fáil sheirbhísí Chosaint Shibhailta ar an leibhéal Áitiúil faoi Stiúrthóireacht na Seirbhísí Uisce, Timpeallachta agus Éigeandála, Jim Holohan. Is í Edel Wilson an tOifigeach Cosanta Sibhialta, an t-aon oifigeach le tuarastal, a dhéanann bainistiú ar Chosaint Shibhialta ó lá go lá. Eagraítear Cosaint Shibhialta ar bhunús toghcheantair agus is iad seo a leanas na Ceannasaithe ábhartha atá ceaptha
| Ceannasaí |
Toghcheantar |
Danny Coyle
|
Contae Dhún na nGall |
| Columba Gallagher |
Inis Eoghain
|
| Paddy O'Flanagan |
Leitir Ceanainn |
| Cathal Carr |
Baile na nGallóglach |
| Paddy Herron |
Na Gleanntaí |
John Quinn & Packie Bonner |
Srath an Urláir
|
| Kathleen Callaghan |
Baile Dhún na nGall
|
Cuidíonn baill dheonacha i gCosaint Shibhialta Dhún na nGall leis na seirbhísí reachtúla ar ócáidí speisialta nó nuair a sluaite móra le chéile. Seo a leanas dornán samplaí:
Imeachtaí Neamh-éigeandála
Maoirseacht agus seirbhísí garchabhrach a chur ar fáil ag mórimeachtaí poiblí. Clúdaíodh 74 imeacht den chineál sin sa bhliain 2005, ag ar cuireadh ar fáil 5,328 daonuaireanta d’am deonach. Ba na cinn seo a leanas na cinn a ba shuntasaí do 2005:
- Fleadh Cheoil na hÉireann
- Teacht fhoireann na All Blacks, as an Nua-Shéalainn, go Ráth Mealtain
- Achainí Chartanais an Buddy Bear, Ráth Bhoth
- Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall
- Féilte Pobail
- Cluichí Peile an FAI
Imeachtaí Éigeandála
- Ag cuidiú leis na Gardaí agus daoine eile in imeachtaí cuardaigh agus tarthála. Sa bhliain 2005, thug Cosaint Shibhialta cuidiú do na Gardaí agus don PSNI sa chuardach trasteorann a bhí ar siúl do Adrian Magee as Beart, a bhí ar iarraidh.
- Déantar ranganna traenála a reáchtáil gach seachtain sna ceantair seo a leanas ar fud an Chontae:
- Leitir Ceanainn - Garchabhair, Tarrtháil, Bádóireacht, Raidió, Leas, Druil Coise, Comhrac Dóiteáin Cúntach, Cadhcáil
- Carraig Airt - Comhrac Dóiteáin Cúntach, Garchabhair
- Cúil na gCuirridín - Garchabhair
- Baile Dhún na nGall - Garchabhair
- Ard an Rátha - Taismeach
- Carn Domhnach – Comhrac Dóiteáin Cúntach
- An Clochán Liath – Garchabhair
Mór-acraí trealaimh ar fáil:
| Item |
Líon |
| Mionbhusanna le 16 Suíochán |
2 |
| Bád Inséidte |
2 |
| Cabanna Criú |
2 |
| Báid Inséidte |
2 |
| Otharcharr |
2 |
| Leantóir do Chadhcanna |
1 |
| Leantóir Tarrthála |
1 |
| Inneall Dóiteáin |
1 |
| Feithicil Fónaimh |
1 |
| Gineadóir |
1 |
Tuilleadh Eolais
Tá an Lárionad Rialaithe do Chosaint Shibhialta Dhún na nGall lonnaithe ar
Bhóthar an Phiarsaigh,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall
Teil: 074 91 22315
Facs: 074 91 25712
ríomhphost: ewilson@donegalcoco.ie
Uaireanta Oifige 09.00r.n. -16.30i.n. gach lá