Seirbhís Dóiteáin

Is í Comhairle Chontae Dhún na nGall an tÚdarás Dóiteáin do Chontae Dhún na nGall uile.

Tá sé de dhualgas ar údarás dóiteáin soláthar réasúnta a dhéanamh i gcomhair tinteacha i bhfoirgnimh agus in áiteanna eile a mhúchadh chomh gasta agus chomh héifeachtach agus is féidir, agus daoine agus maoin a chosaint agus a shábháil ó dhóiteáín. Lena chois sin, freastalaíonn an bhriogaid dóiteáin ar tharlúintí nach dóiteáin iad, macasamhail taismí bóthair agus tuillte.

  • Tá stáisiúin dóiteáin ag Comhairle Chontae Dhún na nGall sna bailte seo a leanas ar fud an Chontae: Leitir Ceanainn, Srath an Urláir, Baile Dhún na nGall, Béal Átha Seanaidh, Bun Dobhráin, Na Cealla Beaga, Gleann Cholm Cille, Na Gleanntaí, An Clochán Liath, Gaoth Dobhair, An Fál Carrach, Baile na nGallóglach, Bun Cranncha, Bun an Phobail, Carn Domhnach agus Árainn Mhór.
  • Tá comhraiceoirí dóiteáin dheonacha in Árainn Mhór agus i dToraigh.
  • Clúdaíonn seirbhís Thuaisceart Éireann trí cheantar le fad na teorann ar bhunús an chéad ghlao, ó Bhóthar Northland i nDoire, ón Srath Bán agus ó Phaiteagó.

Muirir na Seirbhíse Dóiteáin

Tá Muirir na Seirbhíse Dóiteáin ina ghné thábhachtach i ndáil le maoiniú na seirbhíse dóiteáin. Baineann Comhairle Chontae Dhún na nGall táille de €100.00 amach fá choinne scairt chuig teach cónaithe. Maidir leis na táillí a ghearrtar ar fhoirgnimh tráchtála agus taismí bóthair, déantar iad a áireamh de réir líon na n-uaireanta a bhi an bhriogaid ar an láthair x líon na bhfear x ráta san uair móide 30% faoi choinne riarachán.