Cén uair a cheadaítear d’fheirmeoirí sciodar a leathadh ar thalamh? Ceadaítear d’fheirmeoirí sciodar a leathadh ar thalamh idir 1 Feabhra agus 17 Deireadh Fómhair gach bliain.
Cad é mar a dhéanfar an t-uisce i dtobar a thástáil dom? Ionas go ndéanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall an t-uisce i dtobar a thástáil duit téigh i dteagmháil leis an Ionad Seirbhísí Poiblí i do cheantar agus líon isteach Foirm um Tobar a Thástáil agus íoc táille €150. Más fearr leat tá roinnt comhlachtaí príobháideacha ann atá ábalta uisce a thástáil. Is féidir teacht orthu sna Golden Pages faoi Water Treatment (Cóireáil Uisce).
Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil má fheicim truailliú srutháin/abhann? Thig leat dul i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall agus/nó leis an Bhord Iascaigh maidir le truailliú in abhainn. Téigh i dteagmháil le Rannóg na Seirbhísí Uisce, Comhshaoil agus Éigeandála san Ionad Seirbhísí Poiblí i do cheantar le Comhairle Contae Dhún na nGall a chur ar an eolas faoi fhadhb an truaillithe. Thig leat dul i dteagmháil le Gníomhaireacht an Locha maidir le habhantrach na Finne/ an Fheabhail agus is féidir dul i dteagmháil le Bord Iascaigh Réigiúnach an Tuaiscirt i gcás na n-aibhneacha eile sa chontae.
Cad é mar a chuirfidh mé na húdaráis ar an eolas faoi thruailliú torainn? Gliogáil Truailliú Torainn le fáisnéis a fháil conas gearán a dhéanamh faoi thruailliú torainn.
Cad é mar a chuirfidh mé na húdaráis ar an eolas faoi aerthruailliú? Téigh i dteagmháil le Rannóg na Seirbhísí Uisce, Comhshaoil agus Éigeandála san Ionad Seirbhísí Poiblí i do cheantar más mian leat gearán a dhéanamh faoi aerthruailliú.
Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil má tá fadhb ann faoi thruailliú deannaigh nó uisce i gcairéal? Téigh i dteagmháil le Rannóg na Seirbhísí Uisce, Comhshaoil agus Éigeandála san Ionad Seirbhísí Poiblí i do cheantar le Comhairle Contae Dhún na nGall a chur ar an eolas faoi fhadhb an chairéil.
Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil má tá ceist agam faoi sholáthar uisce óil? Téigh i dteagmháil le Rannóg na Seirbhísí Uisce, Comhshaoil agus Éigeandála san Ionad Seirbhísí Poiblí i do cheantar i gcás ceisteanna faoi sholáthar uisce óil.
Cad is cúis le dath an bhainne ar uisce? Is é is cúis leis an dathú bainniúil na méadú ar líon an aeir san uisce. Líon gloine le huisce agus lig dó socrú. Tosóidh an t-uisce a shoiléiriú ón bhun aníos fé mar a fhágann an t-aer an t-uisce.
Conas umar seipteach a fholamhú? Féach liosta na mbailitheoirí dramhaíola nó téigh i dteagmháil le Foireann um Rialú Dramhaíola ag 074 91 72222.