Reachtaíocht agus Rialacháin maidir le Cáilíocht Uisce
Titeann an fhreagracht reachtúil as bainistiú agus as cosaint uisce go príomha ar na húdárais áitiúla. Is í an phríomhreacaíocht náisiúnta ná na hAchtanna Rialtais Áitiúla (Truailliú Uisce) 1977 agus 1990 in éineacht le cibé rialacháin a rithfear fúthu, ar a n-áirítear rialacháin lena dtabharfar éifeacht do threoir ón AE. Cuireann na hAchtanna Rialtais Áitiúla (Truailliú Uisce) 1977 agus 1990 ar chumas na n-údarás áitiúil:
- cionta maidir le truailliu uisce a ionchúiseamh;
- coinníollacha cuí faoi rialú ar thruailliú a cheangal le bronnadh ceadúnas scardaidh eisiltigh a eisileann ó thionscail, &rl. go h-uiscí nó séaraigh;
- fógraí a eisiúint (“fógraí Alt 12”) d’fheirmeoirí , srl. a shonróidh na bearta is cóir a ghlacadh laistigh de thréimhse a bheas sonraithe ionas go gcuirfear cosc ar thruailliú uisce;
- fógraí a eisiúint ag cur ina luí ar dhuine deireadh a chur le truailliú uisce agus na hiarmhairtí a bhaineann leis an truailliú a mhaolú nó a leigheas ar bhealach agus laistigh de thréimhse a bheas sonraithe sna fógraí;
- orduithe cúirte, ar a n-áirítear urghairí ón ardchúirt, a iarraidh ionas go gcuirfear cosc nó deireadh le truailliú/lena iarmhairtí nó go dtiocfar maolú nó leigheas ar thruailliu/ ar a iarmhairtí;
- pleananna bainistithe cailíochta uisce a dhéanamh le haghaidh aon uisce ina limistéir fheidhmiúcháin nó atá tadhlach leis na limistéir sin;
- fodhlite a dhéanamh a dhéanfaidh gníomhaíochtaí áirithe talmhaíochta a rialú aon uair a mheasfaidh an t-údáras áitiúil gur gá a dhéanamh amhlaidh chun go gcuirfear cosc nó deireadh le truailliú uisce;
- fógraí a eisiúint ag cur ina luí ar fheirmeoirí pleananna bainistithe cothaitheach a dhéanamh a mbeidh sé mar aidhm acu a chinntiú má chuirtear sa talamh cothaithigh bunaithe ar leasacháin cheimiceacha nó ábhair orgánacha dramhaíola feirme m. sh. sciodar, go gcuirfear san áireamh na cothaithigh a bheas ar fáil san ithir cheana féin agus go mbeidh siad i gcomhréir le rátaí molta riartha, le riachtanas bairr agus leis an ghá chun truailliú a sheachaint.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi reachtaíocht agus bheartas uisce ag http://www.environ.ie/ga/ agus trí bhileogaí faisnéise Enfo.
Tá leagan den Reachtaíocht as Gaeilge le feiceáil ar líne sa Leabhar Reachtanna Éireann atá ar fáil ar shuíomh Gréasán an Ard-Aighne.
Is eochair-reachtaíocht nua í an Chreat-Threoir Uisce 2000/60/EC a dhéanfaidh obair ach go háirithe sna réimsí a bhaineann le Cáilíocht Uisce agus seo trí Chórais Bhainistithe Abhantrach a bhunú.
Cáilíocht Screamhuisce
Déanann An Oifig um Measúnacht Comhshaoil (EPA) monatóireacht ar cháilíocht bhitheolaíoch uisce abhann i láithreacha aibhneacha i gContae Dhún na nGall. Is í Q an luach a dhéanann an rangú i gcáilíocht bhitheolaíoch uisce abhann, ‘sé sin gurb é grádú Q5 an ceann is airde (is fearr) agus grádú Q1 an ceann is ísle. I suíomh Gréasáin an EPA faightear mapanna idirghníomhacha ina dtaispeántar na stáisiúin abhann mhonatóireachta agus iad daite de réir grádú Q.
Chomh maith leis sin foilsíonn an EPA achoimre gach 3 bliana dá torthaí agus coinníonn súil ar threochtaí a tharlaíonn in aibhneacha, i lochanna agus in uiscí inbhear. Tógadh na sonraí seo a leanas ón tuarascáil is déanaí agus déileálann siad leis an tréimhse 3 bliana ó 2000 go 2003.
Meastar gur neamhthruaillithe atá 87% d’fhad na gcainéal aibhneacha i gContae Dhún na nGall i gcomparáid leis na figiúirí náisiúnta de 69.2%. I gcatagóirí na n-uiscí atá lag agus cuíosach truaillithe is i bhfabhar Dhún na nGall atá na comparáidí ach ina choinne rud beag sa chatagóir géar thruaillithe.
Ag amharc siar ar na treochtaí le deich mbliana anuas chítear go bhfuil méadú ann thart fá 3% i gcéatadán na gcainéal neamhthruaillithe sna trí bliana tosacha den mhílaois i gcomparáid le tréimhse na sé bliana roimhe.
Déanann tuarascáil an EPA na príomhchúiseanna atá le truailliú abhann a rangú mar seo; cúiseanna cathracha, talmhaíocha, tionsclaíocha, cúiseanna nach fios agus nach iad. Tá sé tugtha faoi deara acu go bhfuil feabhsú iomlán tagtha ar chuid de na haibhneacha, ina measc Abhainn na Finne, agus is sa rangú neamhthruaillithe atá siad anois mar gheall ar an fhearas nua cóireála séarachais a suiteáladh. Chomh maith leis sin tá laghdú tagtha i gceantair áirithe ar thruailliú talmhaíochta mar gheall ar obair mhonatóireachta na Comhairle, in éineacht le suirbhéanna feirmeacha, agus cúrsaí oideachais reachtáilte ag Teagasc agus ag forais thalmhaíochta. Tá feabhsúcháin ag teacht sa réimse chéanna tríd an mhonatóireacht a dhéantar ar dhiúscairt cheadaithe thionsclaíochta.
Cáilíocht Uiscí Lochanna
Toisc gur soláthair astarraingthe iad cuid mhór de na lochanna le haghaidh uisce óil tá clár cuimsitheach monatóireachta á chur i gcrích ar na lochanna sa chontae. Chomh maith leis sin tá an EPA ag iarraidh go ndéánfar monatóireacht bhliantúil agus ar thimthriall 3-bliana ar thart fá 40 ceann de na 120 loch agus na trí tháscaire seo a leanas á n-úsáid mar pharaiméadair: fosfar iomlán, clórofill agus trédhearcacht uisce ionas go ndéanfear léibhéal an eotrófaithe agus na hiarmhairtí a ghabhann leis a mheasúnú. Nuair a ritheann fosfar isteach, den chuid is mó de thairbhe siltí ó ghníomhaíochtaí talmhaíocha (mar shampla, rití chun srutha ó chlóis fheirme agus úsáidiú leasachán ceimiceach) agus mar gheall ar dhramhaíl chatharach agus thionsclaíoch á scaoileadh tagann méadú dá bharr ar fhás algaí, chianbhaictéir agus ar phlandaí nach iad; dá bharr sin arís is boichte an treá solais iontu agus bíonn ídiú ocsaigine ann i léibhéil dhoimhne an locha.
Déanann an EPA a gcuid tuairiscí ar cháilíocht uisce lochanna ar scála comhghluaisteach ón ologatrófach (neamhthruaillithe), méiseatrófach, eotrófach go hipeartrófach (géar thruaillithe). Léiríonn figiúirí náisiúnta don tréimhse 2000-2003 gur ologatrófach atá 82% de na lochanna, eotrófach atá 16% agus hipeartrófach 2%. Leiríonn torthaí a tháinig amach ar na mallaibh faoi na lochanna i nDún na nGall gur sa chatagóir ologatrófach atá a mbunús agus go bhfuil loch amháin gar don chatagóir méiseatrófach.
Ceadúnais Scardaidh Eisiltigh
Féadtar scardadh eisiltigh ó ghníomhaíochtaí trádála, tionscail agus óstáin san áireamh, a rangú ina dhá shaghas a bhfuil ceadúnas de dhith ar an dá cheann acu faoi ailt dhifriúla d’Achtanna Rialtais Áitiuil (Truailliú Uisce) 1970 agus 1990.
- Scardadh amach i séarach – faoi Alt 16 d’Achtanna um Truailliú Uisce.
- Scardadh amach in uiscí – faoi Alt 4 d’Achtanna um Truailliú Uisce.
Coinníonn an Chomhairle Cláir de na ceadúnais seo. Is cosúil lena chéile an t-iarratas ar Cheadúnas Scardaidh agus iarratas ar Chead Pleanála sa mhéid is go mbeidh an dualgas céanna ann le fógra poiblí a fhoilsiú sna nuachtáin (i gcás na n-uiscí), agus go mbeidh an nós céanna imeachta ann ar achomharc (chun An Bhoird Phleanála). Tá clár leanúnach samplála scardaidh ann le háirithiú go ngéillfear do na coinníollacha bainteach leis an cheadúnas agus féadfaidh an Chomhairle fógraí a eisiúint (faoi alt 12 nó 16 den Acht), a shonróidh na bearta is cóir a ghlacadh laistigh de thréimhse a bheas sonraithe ionas go gcuirfear (a) cosc ar thruailliú uisce agus/nó (b) deireadh le truailliú uiscí agus fógra a éileoidh aon iarmhairtí a bhaineann leis an truailliú a mhaolú nó a leigheas. Féadfaidh an Chomhairle, chomh maith, cionta maidir le truailliú uisce a ionchúiseamh agus/nó orduithe cúirte, lena n-áirítear urghairí ón ardchúirt, a iarraidh ionas go gcuirfear cosc nó deireadh le truailliú agus lena iarmhairtí nó go dtiocfar maolú nó leigheas ar thruailliú agus ar a iarmhairtí.
Is gá Ceadúnas Rialaithe Comhtháite ar Thruailliú (IPC) ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil i leith gníomhaíochtaí móra tionsclaíochta nó talmhaíochta. Tá sonraí de rangú na ngníomhaíochtaí lenar gá IPC le fáil ar www.epa.ie.
Le tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le: An tSaotharlann um Truailliú Uisce, Machaire Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall. Teil. 074 91 22787
Rialacháin um Fhosfar, 1998
Ós ceann de na príomhchothaithigh a chuireann le Truailliú Uisce é an Fosfar tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag oibriú ar mhaithe le forfheidhmiú forálacha na Rialachán um Fosfar 1998.
Éilíonn na Rialacháin um Fosfar ar údaráis áitiúla Tuarascálacha ar Fhorfheidhmiú um Fosfar a dhéanamh a imlíneoidh an dul chun cinn a dhéanfar sa chomhrac i gcoinne truailliú fosfair agus ina mbeidh spriocanna le haghaidh fosfar a ísliú in aibhneacha agus i lochanna. Bainfear seo amach tríd an chlár leanúnach monatóireachta, trí iniúchtaí feirmeacha, cheadúnú tionscal agus uasghrádú fhearas cóireála séarachais.
An Chreat-Threoir Uisce agus An Tionscnamh Comhroinnte Thuaidh-Theas.
Is riachtanas é de réir Chreat-Threoir Uisce an AE -2000/60/EC - go mbunófar Ceantair Abhantraí (RBD) ar bhonn náisiúnta. Is tionscnamh trasteorainn é An Tionscnamh Thuaidh-Theas um Comhroinnt na nAcmhainní Uisceacha (NS Share) a bhfuil trí Cheantar Abhantrach ann. Tá RBD an Oir-Thuaiscirt suite go hiomlán i dTuaisceart Éireann ach toisc go bhfuil bunús trasteorannach ag an dá abhantrach acu, RBD Loch nEathach/Banna agus RBD an Iarthuaiscirt, is Ceantair Abhantraí Idirnáisiúnta iad. Faigheann an tionscnamh seo tacaíocht ó Chlár INTERREG IIIA an AE le haghaidh Éireann/Thuaisceart Éireann. Bunaíodh é le haidhmeanna an Chreat-Threoir Uisce a chur i gcrích sa cheantar. ’Séard atá sa Treoir seo ná an píosa reachtaíochta uiscí is substaintiúla agus is nuálaí go dtí seo de chuid an Aontais Eorpaigh. Leagann sé amach mionchreatlach um chaomhnú, feabhsú agus úsáidiú inbhuanaithe ár gcuid uiscí. Le tuilleadh eolais féach ar www.wfdireland.ie agus http://www.nsshare.com/ie/index.html .
Ceantar Abhantraí an Iarthuaiscirt.
I ndúiche Iarthuaisceart na hÉireann atá ceantar abhantraí an Iarthuaiscirt ach síníonn sé soir ó dheas ag leathnú leis thar chuid mhór den chrios droimíní a shíníonn trasna neart de chontaetha na teorann – ó Dhún na nGall theas, fríd Liatroim, Fear Manach, an Longfort, fríd an Chabhán, Muineachán agus ar aghaidh. I measc na mór-aibhneacha agus lochanna tá córas na hÉirne ar a bhfuil bunaithe turasóireacht bádóireachta agus fóillíochta chomh maith le giniúint cumhacht hidrileictreach; tá córais Abhainn na Finne agus an Fheabhail ann a dhéanann draenáil ar chuid shleibhte Dhún na nGall agus ar shliabhraon an Speirín. Is tábhachtach sa cheantar an tslatiascaireacht agus iascach mara agus is ann don phort mara is mó i nÉirinn, na Cealla Beaga, ar chósta Dhún na nGall. Is mór an cuidiú é an t-uisce, freisin, san earnáil mhór talamhaíochta trasna na dúiche. Le tuilleadh eolais féach ar http://www.nwirbd.com/ie/index.html .
Cáilíocht Uisce agus Talmhaíocht
Tá méar curtha ar chailliúint Fosfair agus Nítrigine ag teacht ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta gur mhór an toisc í i dtruailliú uiscí a bhfuil na cothaithigh sin iontu. I 1996 d’foilsigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiuil Cód Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chaomhnú ar Thruailliú ag Níotráití (an “leabhar gorm”). Tugtar comhairle agus moltaí d’fheirmeoirí sa leabhar seo maidir le:
- Stóráil leasúchán orgánach
- Caighdeáin agus sonruithe maidir le tógáil saoráidí stórála
- Na tréimhsí is cóir leasúcháin orgánacha agus cheimiceacha a chur síos ar an talamh
- Rátaí cuí curtha síos leasúchán agus
- Réamhchúraim le glacadh chun truailliú uiscí a chosc.
Tá cóipeanna den doiciméad le fáil ón Roinn Comhshaoil agus ó Rannóg Comhshaoil Chomhairle Contae Dhún na nGall. Féadtar an leabhrán achomair seo a leanas a íoslódáil ón Roinn Talmhaíochta.: Good Farming Practice – Summary Booklet (Dea-Chleachtas Feirmeoireachta - Leabhrán Achomair.
Treoirlínte um Leathadh Sliodair/Leasúcháin
Déan seiceáil ar réamháisnéis na haimsire roimh leathadh. Ná cuir síos leasacháin orgánacha agus cheimiceacha má tá fearthainn throm á tuar laistigh de na 48 uair dár gcionn.
Ná bíodh leasúcháin orgánacha agus cheimiceacha a leathadh agat
- Ar thalamh fliuch nó leathbháite
- Ar thalamh sioctha nó faoi bhrat sneachta
- Ar thalamh claonard a thiteann i dtreo aibhneacha, sruthán, lochanna agus buncharraige nochta.
Ná cuireadh aon leasúcháin cheimiceacha síos laistigh de 1.5m d’aon chainéal uisceach. Ná déanadh uiscí dromchla agus toibreacha a thruailliú, seo a chur i gcrích tri stráice maolánach a dhéanamh idir iad siúd agus an talamh ina gcuirfear na leasúcháin cheimiceacha. Tugann an tábla thíos treoir-línte ginéarálta faoi na leithid chuí maidir le stráicí maolánacha. Is fíorthábhachtach go gcomhlíontar na moltaí maidir le leithid na stráicí i gcás toibreacha baile agus foinsí soláthair uiscí poiblí. Beidh leithead an stráice a theastóidh i leith sruthán, lochanna/draenacha, agus loch/príomhchainéil aibhneacha ag brath in achan chás ar an chineál ithreach, ar an fhána agus ar an chlúdach fhásúil is dual don cheantar.
Na Leithid a Moltar fá choinne Stráicí Maolánacha (Méadair)
- Srutháin agus Draenacha 10
- Lochanna agus Príomhchainéil Aibhneacha 20
- Toibreacha Baile 50
- Foinsí Soláthair Uiscí Poiblí 50-100
Is féidir tuilleadh eolais ar Thalmhaíocht i gcoitinne a fháil ón Roinn Talmhaíochta.
Treoir Maidir Le Níotráití
Is é seo an píosa reachtaíochta is déanaí maidir le níotráití in uiscí. Ritheadh ina chuid de Reachtaíocht na hÉireann é faoi I.R. Uimh. 788 de 2005 Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2005.
Cuireadh lámh le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2005 ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiuil an 11 Nollaig 2005. Tháinig na Rialacháin i bhfeidhm go ginéarálta ar an1 Feabhra 2006 agus forálacha sonraithe le theacht i bhfeidhm ar bhunús céimnithe suas go dtí 2008. Baineann Cuid 3 de na Rialacháin le pleanáil bainistíocht níotráití atá bunaithe ar chomhairle fadtéarmach ó Theagasc. Tá sé tugtha le fios ag Teagasc ar na mallaibh gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar chuid den chomhairle seo faoin dóigh le fosfar a chur ionas go bhfeabhsódh, b’fheidir, éifeacht na Rialachán. Ba léir don Rialtas agus don Choimisiún Eorpach gurbh fhiú ligint do Theagasc an chomhairle nua seo a fhormhíniú agus dá réir sin tá sé fógartha ag an Aire go gcuirfear ar feadh tamall beag forfheidhmiú iarmhír Cuid 3 de na Rialacháin ar athló. Iarradh ar Theagasc, mar bheart práinne, cúis chuí eolaíoch a chur ar fáil chun tacú le haon athbhreithniú ar na táblaí fosfair sna Rialacháin. Breathnóidh an Roinn seo agus an Roinn Talmhaíochta agus Bia go cúrámach aon aighneacht a gheobhfar ó Theagasc agus aird a thabhairt ag an am chéanna go gcaithfidh aon tograí le haghaidh athbhreithniú na dtáblaí fosfair a bheith ar chomhchéim leis na riachtanais chomhshaoil sa Treoir Maidir Le Níotráití agus gur gá go n-aontóidh an Coimisiún leis na tograí sin.
Rialcháin Maidir le hÁbhair Chontúirteacha
Leagann na Rialacháin um Ábhair Chontúirteacha 2001 síos caighdeáin cháilíochta uisce maidir le hábhair áirithe i screamhuisce, ms., aibhneacha, lochanna agus uiscí taoide. I measc na n-ábhar tá lotnaidicídí áirithe (atraisín, siomaisín, tríbhúitiltín), tuaslagaithe (déchlóraimeatán, toluene, xiléin), miotail (arsanaic, crómiam, copar, luaidhe, nicil, sinc) agus roinnt ábhar eile (ciainíd agus fluairíd). Cuireann na Rialacháin le Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le hÁbhair Chontúirteacha (76/464/EC) agus cuireann siad i bhfeidhm roinnt forálacha de Threoir Chreatlaigh Uisce an AE (2000/60/EC).
D’ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall Tuairisc um Beartais maidir le hÁbhair Chontúirteacha i 2002 de réir na rialachán. Leagann an tuairisc seo amach, maidir le Contae Dhún na nGall; na spriocanna atá le baint amach maidir le cáilíocht an uisce; anailís ar na brúnna a d’fhéadfaí a bheith ann; agus clár beartas le caighdeáin na cáilíochta uisce atá riachtanach de réir na Rialachán a bhaint amach.
Faoi Thionscadal Limistéir Abhantrach Threoir Chreatlaigh Uisce, tá staidéar á dhéanamh go náisiúnta ar ábhair chontúirteacha in uiscí agus beidh torthaí an staidéir ina gcuid de na Pleananna Bainistíochta Abhantraí.