Oideachas agus Feasacht

Clár Feasachta agus Oideachais i dtaca le Comhshaol na Scoile

Tá Clár Scoile de chuid Comhairle Contae Dhún na nGall á fheidhmiú le suim bhlianta anuas. Tugtar cuireadh do gach scoil bheith rannpháirteach sa scéim agus tugann an tOifigeach Feasachta cuairt ar scoileanna timpeall an Chontae agus déanann láithreoireachtaí agus taispeántais ar Athchúrsáil, ar Bhruscar, Múiríniú, go hachomair, bainistiú freagrach dramhaíola. Tugadh cuairt ar 75 scoil sa Chontae sa bhliain 2008.

Clár um Scoileanna Glasa

Tá ag éirí go han-mhaith leis an chlár um Scoileanna Glasa atáthar a fheidhmiú sa Chontae le deich mbliana anuas. Chláraigh 152 Scoil sa Chontae chun an clár a chríochnú agus é ar intinn acu cur isteach ar an Bhrat Glas. Tá 70 brat ar fad bronnta go nuige seo ar scoileanna i gContae Dhún na nGall. Cuireann an tOifigeach Feasachta an clár chun cinn i measc scoileanna agus féadfar tuilleadh eolas a fháil trí eolas a dhílódáil ó An Taisce, síomh idirlín nua den Scoil Ghlas. http://www.greenschoolsireland.org

Is togra idirnáisiúnta é an Scoil Ghlas a ceapadh chun gníomhú ar son an chomhshaol a spreagadh agus a aithint agus an scoil go léir rannpháirteach ann. Soláthraíonn an Scoil Ghlas bealach sainmhínithe agus smachtaithe duit le saincheisteanna comhshaol a stoitheadh ón churaclam agus a fhorghníomhú i reáchtáil na scoile ó lá go lá. Cuideoidh an próiseas le daltaí chun tábhacht saincheisteanna comhshaoil a aithint agus le iad a thógáil níos dáiríre ina saol féin agus sa bhaile. An Taisce a dhéanann comhordú ar an chlár i bpáirtíocht le hOifigeach Feasachta Comhshaoil an údaráis áitiúil. Tugtar cuireadh do na scoileanna a chláraíonn le clár seacht gcéim a chríochnú, agus tig leo cur isteach ar Dhámhachtain an Bhrait Ghlais dá éis.

Céim a hAon: Coiste na Scoileanna Glasa
Stiúrann an coiste oibríochtaí clár na Scoileanna Glasa sa scoil. Ba chóir go mbeadh coiste na Scoileanna Glasa ionadaíoch ar an scoil uilig agus oiread mac léinn i gceannas agus is féidir. Is faoi gach scoil ar leith áfach beartú a dhéanamh faoi conas a oibreoidh a gcoiste féin.


Céim a Dó: Athbhreithniú ar an Chomhshaol
Cuidíonn sé leis an scoil an tionchar comhshaoil atá aici faoi láthair a aithint ach athbhreithniú comhshaol a dhéanamh trína léireofar na gnéithe atá go maith, go dona nó amscaí.


Céim a Trí: Plean Gníomhaíochta
An tríú céim ná plean gníomhaíochta a tháirgeadh a mbeidh spriocanna agus aidhmeanna réalaíocha agus inbhainistithe leis.

Céim a Ceathair : Faireachán agus Measúnú
Baineann céim a ceathair le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ba chóir é a ionchorprú sa phlean gníomhaíochta.

Céim a Cúig: Nasc á dhéanamh leis an Churaclam
Is é atá i gceist le céim a cúig an clár a chomhtháthú leis an churaclam, go díreach tríd an eolaíocht, trí shaoránaíocht agus ranganna comhshaoil nó go neamhdhíreach i réimsí eile ábhar de los teagasc nuálaíoch a dhéanamh.

Céim a Sé: Bí Feasach agus Bainteach
Tá sé riachtanach go mbeadh an scoil iomlán bainteach le clár na Scoileanna Glasa de chuid na scoile féin, agus an pobal i gcoitinne feasach faoi.

Céim a Seacht: An Cód Glas
Is ráiteas ar na haidhmeanna é an Cód Glas a léiríonn gealltanas na scoile i leith gníomhaíochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Chun tuilleadh eolas a fháil téigh go dtí www.greenschoolsireland.org nó déan teagmháil le Suzanne Tinney, Rannóg an Chomhshaoil ar 074 9176276, nó cuir ríomhphost chuig suzanne.tinney@donegalcoco.ie fá choinne Foirm Chlárúcháin. Déanfaidh an suíomh idirlín eolas duit trí chlár na Scoileanna Glasa agus tugtar an-chuid smaointe agus staidéar cáis do scoileanna eile ann. Is fiú go mór breathnú air!