Araidí Múirín ar fáil gan faic ar €13 !
Maraon le hathchúrsáil a dhéanamh, féadfar cuid mhaith dá bhfuil sna haraidí againn a mhúiríniú. Is féidir thart ar 1/3 den dramhaíl a chaitheann muid amach a mhúiríniú. Féadfaidh tú múirín atá lán cothaitheach a dhéanamh de dhramhaíl in-bhithmhillte, rud a chuirfidh scamhard san ithir, ach an codán orgánach de a chur isteach sa charn múirín. Is gá go mbeadh na comhábhair seo a leanas ann chun múiríniú ceart a dhéanamh:
- Scamhadh Torthaí
- Scamhadh Glasraí
- Arán
- Pasta
- Blaoscanna Uibhe
- Málaí Tae
- Caifé Meilte
- Gearrthóga Féir, Fálta, duilleoga
- Páipéar stiallta & Cairtchlár
Tá sé tábhachtach an dramhaíl a chuireann tú isteach san araid múirín a mheascadh nó a shrathú. Cuir roinnt páipéir stiallta nó duilleoga srl. isteach in gach soitheach den dramhaíl orgánach bhia. Tá sé ríthábhachtach, leis, an t-ábhar atá san araid múirín agat a chasadh leis an aer a ligean isteach. Ba chóir é sin a dhéanamh gach re seachtain. D’fhéadfadh go dtógfaidh sé suas le 6 ráithe leis an múirín a dhéanamh ar an bhealach sin.
Cá háit is féidir liom araid múirín a fháil?
Féadfar Araid Mhúirín Baile a cheannach ó na hIonaid Seirbhíse Phoiblí seo a leanas de chuid Comhairle Contae Dhún na nGall agus Oifigí Chomhairle an Bhaile ar costas €13.00.
- Comhairle Baile Bhun Cranncha - 074 9320020
- Comhairle Baile Bhun Dobhráin - 071 9841230
- Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnaigh - 074 9373700
- Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall - 074 9724400
- Ionad Seirbhísí Poiblí An Chlocháin Léith - 074 9561300
- Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn - 074 9194200
- Rannóg Comhshaoil, Leifear - 074 9172538
- Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile na nGallóglach - 074 9153900
Cairt Mhearthagartha Mhúirín:
Léirítear cad iad na hábhair dramhaíola ó do theach agus ó do gharraí ar féidir iad a chur san araid múirín sa liosta seo a leanas. Ní mór duit a chinntiú go gcuirfidh tú meascán de na hÁbhair Ghlasa (G) agus Dhonna (D) isteach ann.
| Abhár |
Ceart? |
Tráchtaí |
|
Duilleoga Tae / Málaí (G)
agus Caifé Meilte (D) |
Tá |
Brúigh an farasbarr uisce as na málaí tae
Féadfar scagaire caifé a chur isteach |
|
Blaoscanna Uibhe (D) |
Tá |
Nigh agus Brúigh |
| Dramhaíl cistine .i. glasraí neamhbheirithe, scamhadh, craicinn agus toghaí srl (G) |
Tá |
|
| Nuachtáin stiallta agus Cairchlár bog (D) |
Tá |
Ná húsáid méid mór ar an toirt. Measc le torthaí, le glasraí nó le féar iad |
| Luaith Mhóna / Adhmaid (D) |
Tá |
Ná húsaid iad sin más lastóirí tine a úsáideadh chun an tine a lasadh |
| Bláthanna feoite / Gearrtha (G) |
Tá |
|
| Gruaig dhaonna / pheata (D) |
Tá |
|
| Ábhair Mhála Húvair / Fholúis |
Tá |
Páipéar an mhála féin san áireamh |
| Gearrthóga Féir (G) |
Tá |
Ná cuir meid mór isteach ar an toirt. Measc le páipéar/cairtchlár iad |
| Scotháin Fhálta / Sciotaí (D) |
Tá |
Briseann siad anuas go mall. Déan iad a stialladh más féidir |
| Seanphlandaí (G) |
Tá |
Ná cuir isteach iad má tá siad galraithe |
| Fiailí / Neantóga |
Tá |
|
| Mionrabh/sliseanna Adhmaid / Bearrthaí (D) |
Tá |
Úsáid iad sin má tá an múirín ina spadalach |
| Aoileach Peata .i. coiníní, muca guine, seirbilí, hamstair (G) |
Tá |
Is féidir easair ainmhithe a úsáid leis |
| Féar agus tuí (D) |
Tá |
Méid beag amháin |
| Ná cuir isteach na nithe seo |
|
|
| Feoil/Sicín/Iasc |
Níl |
B'fhéidir go dtarraingeoidís cuileanna agus míolra |
| Fuíll bheirithe ón Chistin |
Níl |
An iomarca uisce iontu |
| Tuar Gadhair/Cait |
Níl |
D'fhéadfadh seadáin a bheith ann |
| Tairgí Déiríochta |
Níl |
B'fhéidir go dtarraingeoidís cuileanna agus míolra |
| Fiailí Dianseasmhacha |
Níl |
B'fhéidir dóibh an ithir a ghalrú |
Féadfar tuilleadh eolas a fháil ach dul i dteagmháil le:
Suzanne Tinney, Oifigeach Feasachta Dramhaíola, Teil : 074 91 76276