Caomhnú Uisce

Mar chuid den obair leanúnach atá ar siúl maidir le Caomhnú Uisce tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag cur isteach méadair bulc-uisce ceantair ar scéimeanna soláthair ar fud an Chontae. Beidh an obair insuiteála ag toiseacht Dé Luain 2 Feabhra i dToghcheantar Inis Eoghain agus leanfaidh sin ar aghaidh go ceann thart fá 7 mí ar fud an Chontae.