Mórthionscadail Uisce agus Fuíolluisce

Clár Infheistíochta do Sheirbhísí Uisce 2005-2007 

Tá sé measta go gcosnóidh an Clár Infheistíochta do Sheirbhísí Uisce, 2005-2007, a fógraíodh i mí na Nollag 2005, €335 milliún. Táthar a chur i láthair faoi thrí fhotheideal, mar a leanas :

  • Mórchlár Caipitil
  • Tionscnamh do Chlár Seirbhísithe Talaimh
  • Clár Caomhantais Uisce.

 

Nóta : I bhformáid PDF atá an chuid is mó de na cáipéisí ar an leathanach seo.
Faigh deis léitheoireachta Adobe

Clár na Mórthograí Caipitil

Clár Thionsnamh na Talún Seirbhísithe

Déantar soláthar leis an chlár seo d’infheistíocht ar scála íseal nó meánach in infrastruchtúr uisce agus uisce dramhaíola chun fónamh don fhorbairt ar thailte áirithe a mbaineann éileamh forbraíochta leo. Cuireann an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil 40% den chiste ar fáil do na scéimeanna.

Clár Caomhnaithe Uisce

Cuireadh borradh arís faoi Chlár Caomhnaithe Uisce Chomhairle Chontae Dhún na nGall nuair a cheadaigh an Roinn i bprionsabal clár caiteachais dar iomlán €25.3m. D’fhág ceadú Thuarascáil Chomhairle Chontae Dhún na nGall faoi Chur i bhFeidhm na Straitéise maidir le Caomhnú Uisce ag Cigire na Roinne go rabhthas ábalta dul ar aghaidh le hoibreacha bunaithe tús áite ar chostas measta de €4.83m. Sa Tuarascáil faoi Chur i bhFeidhm na Straitéise, leagadh amach an obair maidir le caomhnú uisce a tugadh chun cinn ó mhí Mheitheamh 2001, sonraíodh an méid a bhí de dhíth chun na tograí reatha a thabhairt chun críche agus leagadh amach clár oibre don am atá ag teacht.

Cé gurb í Comhairle Chontae Dhún na nGall féin a thug chun cinn na tograí caomhnaithe uisce go dtí sin, fágann coinníollacha na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil gur gá seirbhísí Innealtóra Comhairligh a chur ar fáil maidir le maoirseacht agus comhordú ar oibreacha Caomhnaithe Uisce de Chéim 1 ar fud an chontae. Ceapadh an comhairleoir i rith na bliana 2005 agus tá tús curtha leis an obair ar fhuílleach na n-oibreacha de Chéim 1.

Leanfaidh an caiteachas beartaithe ar na scéimeanna ar fad na trí chéim ar leith a leagtar amach feasta do gach clár caomhnaithe uisce, eadhon, Céim 1 – Córais Bainistíochta Uisce a chur i bhFeidhm, Céim 2 – Rialú Gníomhach ar Sceitheadh agus Céim 3 – Athshlánú.


Pleananna don Chlár Caomhnaithe Uisce i rith na mblianta 2007 agus ina dhiaidh.

Metering and telemetry works have been completed on the Lough Mourne WS network and the Donegal River Eske Water Supply. Substantial work has also been carried out on the Rosses Regional Water supply. In 2007 tender doucments will be prepared for metering and telemetry contracts for the rest of the County, subject to DEHLG approval. It is also intended to develop a countywide network monitoring and managment system.
Donegal County Council also intend to equip and traing three dedicated leak detection teams and commence Stage 2 active leak detection works (subject to DELHG approval).
Work will continue to progress on pipe rehabilitation/replacement works (sbject to DEHLG approval)
The designated priority one schemes are shown in the Liosta Ord Tábhachta maidir le Caomhnú Uisce.

 

Togra maidir le Méadrú ar Uisce Neamhtheaghlaigh

Tá ceangailte ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall méadrú a dhéanamh faoin mbliain 2006 i gcás gach custaiméir a fhaigheann soláthar uisce neamhtheaghlaigh. Éilítear sa Bheartas Náisiúnta faoi Phraghasáil ar Sheirbhísí Uisce go ngearrtar lánchostas na seirbhísí uisce agus uisce dramhaíola a chur ar fáil dóibh ar chustaiméirí neamhtheaghlaigh. Tá Creat an Bheartais Náisiúnta maidir le Praghasáil Uisce tugtha chun cinn ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus é curtha sa siúl trína Chiorcláin agus Cháipéisí Treorach a eisiúint, tabhairt faoi Thograí Píolótacha, Oiliúint agus Seimineáir, agus cláir airgeadaithe agus tograí bheith mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta. Beidh follasacht agus cothroime ag baint le táillí uisce, gan aon bhrabús á dhéanamh astu ag na hÚdaráis Áitiúla

Beidh gá le méadrú ag log an cheangail ar timpeall is 10,000 ceangal seirbhíse uisce i gCo. Dhún na nGall faoi dheireadh na bliana 2006. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh go mbeadh gá le méadrú ar timpeall is 1,000 custaiméir neamhtheaghlaigh de chuid na nGrúpscéimeanna Uisce.

Beidh Príomhfheidhm amháin agus dhá Fheidhm Thánaisteacha Thábhachtacha leis an tseirbhís méadraithe uisce neamhtheaghlaigh, eadhon, (1) Príomhfheidhm: Bailiú Ioncaim, de réir Phrionsabal an Íoc mar a Thruaillítear, mar atá leagtha amach sa Bheartas Náisiúnta maidir le Praghasáil ar Sheirbhísí Uisce, (2a) An Chéad Fheidhm Thánaisteach: Feabhas a chur ar Bhainistiú an Ghréasáin maidir le hOibriúcháin Uisce agus (2b) An Dara Feidhm Thánaisteach: Feabhas a chur ar an tSeirbhís don Chustaiméir.

Cheap Comhairle Chontae Dhún na nGall Nicholas O'Dwyer Ltd. agus Parsons Brinckerhoff Ltd chun feidhmiú mar Ionadaí an Chliaint maidir leis an togra méadraithe ar uisce neamhtheaghlaigh. Tar éis tiomsú agus anailís ar na sonraí, comhairleachán mion le baill na foirne agus le geallsealbhóirí eile, suirbhéanna samplacha ar chustaiméirí agus ar cheangail agus roinnt tuarascálacha bunúsacha a ullmhú, cuireadh Réamhthuarascáil críochnaitheach don togra ar fáil. Sonraíodh sa Réamhthuarascáil 7 gcinn de ghnéithe seirbhíse atá riachtanach maidir leis an togra a thabhairt i gcrích go sásúil – Sonraí Custaiméara, Méadair, Léamh na Méadar, Billí, Bailiú Ioncaim, Seirbhís don Chustaiméir, agus Córais Sonraí & Eolais. Tar éis breis comhairleacháin idir seirbhísí, socraíodh go gcuirfí na gnéithe seirbhíse maidir le Sonraí Custaiméara, Méadair a chur isteach agus a chothabháil, agus Léamh na Méadar ar conradh ar bhonn Deartha, Tógála agus Oibriúcháin le Soláthraí Seirbhíse Príobháideach (SSP). Socraíodh chomh maith gur ar an gComhairle a d’fhanfadh an fhreagracht maidir leis na gnéithe seirbhíse eile.

Tabharfar an togra i gcrích le dhá chéim faoi leith de réir tráthchlár measta mar seo a leanas, (a) Céim an Dearaidh / na Tógála:12 mí (deireadh na bliana 2006 / tús na bliana 2007) agus (b) Céim Cothabhála / Oibriúcháin:10 mbliana (go deireadh na bliana 2017). 

For further informtation on the Non Domestic Metering Project please click here